Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Togra mór á bheartú ag Uisce Éireann

12 DECEMBER 2025, 15:49

Abhanntrach Pháirtín
X Facebook

Tá Uisce Éireann le iarratas pleanála a chur faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála an tseachtain seo chugainn.

Má ghlactar leis beidh sé ar an togra uisce is mó riamh i stair na hÉireann.

Tá sé i gceist faoin togra fíoruisce ó abhainn na Sionainne a aistriú trí phíopa chuig réigiúin i lár tíre, go hoirthear agus mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Abhanntrach Pháirtín in aice le Loch Deirgeirt foinse na scéime seo.

Má cheadaítear an togra tá sé i gceist ag Uisce Éireann tosú ar an obair thógála i 2028 agus é bheith críochnaithe aige laistigh de 5 bliana.

Tuigtear go gcosnóidh an obair seo ar fad idir €4.5 agus €6bn.