Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Triúr maraithe i dtimpistí bóthair

12 DECEMBER 2025, 15:49

Triúr eile maraithe ar na bóithre
X Facebook

Tá triúr maraithe i dtimpistí bóthair éagsúla ó inné.

Maraíodh coisí sna tríochaidí i gContae Chill Dara ar maidin inniu.

Bhásaigh seisean i ndiaidh na timpiste a tharla idir gluaisteán agus bus i gCis an Bhainne lámh le Cairbre thart ar leathuair tar éis a 6.

Maraíodh an bheirt eile tráthnóna inné.

Bean sna seachtóidí a maraíodh nuair a chuaigh an gluaisteán a raibh sí ann ó smacht i gceantar Mhaigh Rua i gContae Luimnigh thart ar 10 nóiméad tar éis a 4.

Go gairid roimh 4.30 freisin a bhásaigh duine eile i dtimpiste, fear sna seascaidí i gContae Fhear Manach.