Black Friday! B'in a bhaist Ambasadóir na Rúise chun na hÉireann ar an phrácás a bhain leis an chruinniú a bhí beartaithe ag an Taoiseach, Albert Reynolds, le hUachtarán na Rúise, Boris Yeltsin, in Aerfort na Sionna an 30 Meán Fómhair 1994.
Bhí sé beartaithe ag an Taoiseach lón a ithe le Yeltsin i gCaisleán Dhrom Ólainn ach níor fhág an tUachtarán an t-eitleán. Measadh go coitianta go raibh sé ar meisce. Tuairiscíodh i nuachtán an Guardian gur bhreathnaigh sé ar an scannán Sleepless in Seattle ar an eitilt ach go raibh sé anois 'legless in Limerick.'
Bhí go leor le plé ag Albert Reynolds leis an Uachtarán, socruithe trádála, caidreamh na Rúise leis an Aontas Eorpach, Tuaisceart Éireann, Aer Rianta agus uile agus réitigh Roinn an Taoisigh comhaid thoirtiúla dó ar na nithe a bhí le plé. Bhí sé i gceist go mbeadh cruinniú dhá uair an chloig ag an bheirt cheannairí ach ina áit sin chas an Taoiseach le Leas-Phríomhaire na Rúise, Oleg Soskevets, agus leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Oleg Davydov, i dtolglann VIP san aerfort. Tá cur síos ar an mhéid a pléadh sa chruinniú sin ar fáil anois. Pléadh socruithe cánach agus an bhunáit a bhí ag Aeroflot san aerfort i measc nithe eile.
Maidir leis an eachtra féin, scríobh Noel Fahey, Leas-Rúnaí i rannóg an Aontais Eorpaigh den Roinn Gnóthaí Eachtracha an méid seo a leanas:
"My feeling from talking to Ambassador Kozyrev and to Fokine and Chizhov was that they were exquisitely embarrassed by the whole affair and by the failure of the President to show. The fact that with literally two minutes to landing the Russians postponed arrival for an hour suggests that President Yeltsin's indisposition was at one stage seen as curable," a scríobh sé. "Debacle," a thug Wally Kirwan ó Roinn an Taoisigh ar an eachtra.
Thug Ambasadóir na Rúise litir ón Uachtarán Yeltsin ar lámh don Roinn Gnóthaí Eachtracha an 4 Deireadh Fómhair, 1994 a scríobhadh go díreach tar éis an méid a tharla ar 'BlackFriday' mar a bhaist an tAmbasadóir ar an eachtra. Sa litir thug an tUachtarán Yeltsin cuireadh don Taoiseach cuairt oifigiúil a thabhairt ar an Rúis. Dúirt sé fosta gur mhian leis casadh leis an Taoiseach le linn ollchruinniú den Choiste Domhanda Eolaíochta i mBúdaipeist níos deireanaí an bhliain sin. Tá cóip de litir Yeltsin i gcomhad de chuid Roinn an Taoisigh ar an ábhar atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta mar thoradh ar an Riail 30 Bliain.
Ní léir a raibh a chroí sa leithscéal a thug sé:
"I sincerely regret that due to an unfortunate mishap our meeting at Shannon failed to take place. I am confident that friendly ties, established between the Russian Federation and Ireland, will develop further to the benefit of our countries and peoples," a scríobh an tUachtarán Yelstin.
Léiríonn miontuairiscí an rialtais gur thug an Taoiseach cur síos don Chomh-Aireacht an lá i ndiaidh na heachtra ar an mhéid a tharla san aerfort. Chuir an Taoiseach freagra chuig an Uachtarán Yeltsin an 9 Samhain, 1994.
"I too regret that our meeting at Shannon did not take place as planned on 30th September last but I fully share your confidence that the close and friendly ties already established between our two countries will develop further."
Ghlac sé leis an chuireadh cuairt a thabhairt ar an Rúis.
* Craolfar an clár Siar 20 Bliain ar TG4 anocht ag 19.55


