Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Imní ar Roinn na Gaeltachta go gcuirfí an dlí orthu

16 DECEMBER 2025, 15:37

An leabhar Ardfhear le Diarmuid Ó Donnchadha
X Facebook

Bhí Roinn na Gaeltachta agus Bord na Leabhar Gaeilge iontach buartha breis is 30 bliain ó shin go gcuirfí an dlí orthu de bharr deontas a thabhairt do leabhar a measadh a bheith clúmhillteach. D'fhoilsigh Coiscéim an leabhar Ard Fhear le Diarmuid Ó Donnchadha sa bhliain 1992.

'Ardfhear' book-Nuacht RTÉ/TG4- Cartlann/ Archive
An leabhar Ardfhear le Diarmuid Ó Donnchadha

Tharraing an leabhar go leor cainte mar gur measadh go raibh príomhcharachtar an leabhair bunaithe ar mhórphearsa i saol na Gaeilge. Measadh fosta go raibh go leor de na carachtair eile bunaithe ar dhaoine aitheanta sna heagrais Ghaeilge.

Diarmuid Ó Donnchadha -Nuacht RTÉ/TG4- Cartlann/ Archive
An t-údar Diarmuid Ó Donnchadha

Dhiúltaigh an comhlacht Áis an leabhar a dháileadh agus seoladh na cóipeanna a tugadh dóibh ar ais chuig Coiscéim. Dhiúltaigh siad aon mhíniú a thabhairt go poiblí faoin chúis nach raibh siad sásta é a dháileadh.

An 30 Deireadh Fómhair, 1992, scríobh G.P. Ó Briain, príomhoifigeach i Roinn na Gaeltachta,chuig an Ard-Aighne ag lorg comhairle ina leith. Dúirt sé gur thug an Roinn maoiniú do Bhord na Leabhar Gaeilge chun cuidiú leabhair Ghaeilge a fhoilsiú. Dúirt sé gur glacadh go hiondúil gan cheist le moltaí an bhoird i leith na leabhar a bhí le foilsiú. Chuirfeadh an Roinn airgead ar fáil do na foilsitheoirí ina dhiaidh sin. Moladh go dtabharfaí £3,000 don chomhlacht Coiscéim mar chúiteamh as Ard Fhear a fhoilsiú ach measadh go coitianta, dar leis an Bhrianach, go bhféadfadh ábhar clúmhillte a bheith ann.

"The book concerns the Chief Executive of the Irish branch of a multinational computer company and his professional and private life. The portrayal of the gentleman in question is unkind and unflattering and he is depicted as a philanderer and drunkard. His business associates come in for unkind attention also. The difficulty arises in that it is suggested in some Irish language circles that the Chief Executive as outlined above could be identified as a libellous parody of a person, prominent in the language movement, who himself was for many years Chief Executive of a well known organisation promoting the cause of the Irish language," a scríobh sé chuig an Ard-Aighne.

Bhí an eagraíocht a bhí i gceist ag fáil deontas bliantúil mór ón Roinn a dúirt an Brianach. Bhí sé séanta ag an údar ag tús an leabhair go raibh aon duine a bhí luaite ann bunaithe ar phearsana a bhí beo nó ar imeachtaí a tharla. Shéan foilsitheoir an leabhair, Pádraig ÓSnodaigh, go raibh sé clúmhillteach.

Ní raibh Roinn na Gaeltachta ag iarraidh go gcuirfí an dlí orthu ach admhaíodh gur chloígh an t-úrscéal leis na critéir foilsitheoireachta a bhí leagthasíos ag Bord na Leabhar Gaeilge.

"A refusal, therefore, would be construed as a judgementon the 'libel issue'" a scríobh G P Ó Briain chuig Oifig an Ard-Aighne.

D'fhiafraigh sé don Ard-Aighne an bhféadfaí an dlí a chur ar an Roinn as deontas a chur ar fáil. É sin nó an mbeadh an Roinn saor ó chaingean dlí dá gcuirfí coinníoll leis an deontas a déarfadh go mbeadh ar an fhoilsitheoir é a aisíoc i gcás go nglacfaí cás clúmhilleadh faoin fhoilseachán? D'fhiafraigh sé fosta an leor mar chosaint séanadh a fháil ón fhoilsitheoir leis an Roinn a shaoradh ó locht.

"It should be pointed out that the publisher is a 'one man' operation," a dúradh faoin Snodach.

An 21 Nollaig, 1992, thug Oifig an Ard-Aighne le fios do Roinn na Gaeltachta nach mbeidís freagrach as ábhar a foilsíodh san leabhar.

"The Department quite clearly had no control over the authorship, publication or distribution of the book. The mere fact that it gives a grant to a book which may turn out to be libellous would not of itself be a ground to bring an action against the Department," a scríobh John F Gormley.

Ach leanadh leis an éiginnteacht ó thaobh dliteanais de. I 1994, mhol oifigigh na Roinne Gaeltachta go mbronnfaí cúraimí úra ar Bhord an Leabhar Gaeilge. Bheadh sé i gceist feasta gurbh é an Bord a bheadh freagrach as na deontais faoin Scéim a áireamh agus a dheonú seachas na leabhair a mholadh le haghaidh deontas ón Roinn.

Bhí an bord sásta i bprionsabal leis an mholadh seo ach d'éiligh siad go mbeadh aitheantas de réir dlí ag an Bhord ar mhaithe le comhaltaí a chosaint go pearsanta dá n-éireodh cás dlí nó achrann eile mar gheall ar a ngníomhartha mar Bhord. Mhol Rúnaí Bhord na Leabhar Gaeilge, Seán de Fréine, go dtabharfaí stádas dlíthiúil don Bhord mar 'chuideachta faoi theorainn ráthaíochta'. Ach thug Roinn na Gaeltachta le fios don Ard-Aighne go mb'fhearr leo leanúint "ar an mbonn neamhfhoirmiúil atá ann le fada agus ní léir go bhfuil gá lena bhfuil á mholadh ag an mBord."

Ba é tuairim John F Gormley ó Oifig an Ard-Aighne nach raibh sé ceadaithe don Aire an stádas a bhí á lorg ag comhaltaí an Bhoird a bhronnadh orthu.

Thuig sé, áfach, buairt an bhoird.

"If Bord na Leabhar Gaeilge continue to complain about their position I think that serious consideration will have to be given by the Minister after consultation with the Minister for Finance towards giving each of the members a form of indemnity indemnifying them for acts which are not manifestly tortious," a scríobh sé.

Níor glacadh aon chás clúmhillte mar thoradh ar fhoilsiú Ard Fhear.

' />