Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Súil ghéar á choinneáil ar an Choimisinéir Teanga

16 DECEMBER 2025, 16:07

An t-iar Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin
X Facebook

Bhí na húdaráis ag coinneáil súil ghéar ar chéad chuairt an Choimisinéara Teanga nua-cheaptha ar Thuaisceart Éireann sa bhliain 2004 de réir cáipéisí cartlainne atá curtha ar fáil anois go poiblí den chéad uair.

Chuaigh Seán Ó Cuirreáin go Béal Feirste ar chuireadh ón eagraíocht teanga Pobal le labhairt faoi reachtaíocht agus cearta teanga.

Seacht seachtainí roimhe sin a cheap Uachtarán an ama sin, Máire Mhic Ghiolla Íosa, go hoifigiúil é ina Choimisinéir Teanga.

Chuir ball foirne de chuid Rúnaíocht Idir-Rialtasach na Breataine–na hÉireann i mBéal Feirste tuairisc dhá leathanach ar fáil ar chuairt Uí Chuirreáin agus ar an óráid a thug sé ansin.

Dúradh go raibh leathchéad duine ag an chruinniú, ina measc baill thofa de Chomhthionól an Tuaiscirt, Seán Farren ón SDLP agus Bairbre de Brún ó Shinn Féin.

Ba thréimhse leochaileach go maith í mar go raibh feidhmeannas an Tuaiscirt agus an Comhthionól féin ar scor de bharr easaontas faoi dhíchoimisiúnú airm.

De réir na tuairisce a tugadh do na húdaráis labhair Ó Cuirreáin faoi staid bhunreachtúil agus reachtúil na teanga ó dheas agus faoin riachtanas a bhí le hAcht Teanga mar gur beag aird a thug státseirbhísigh ar threoirlínte deonacha a bhí eisithe roimhe sin faoi úsáid na teanga sa chóras poiblí.

Tugadh le fios gur ceistíodh an coimisinéir nuacheaptha faoi úsáid na Gaeilge sna forais trasteorann, faoin reachtaíocht teanga i ndlínsí eile ar nós Cheanada agus faoi stádas mar theanga oifigiúil a bheith san áireamh i reachtaíocht teanga.

Dúradh sa tuairisc fosta go raibh sé le tuiscint ó chomhrá le Seán Farren agus le Bairbre de Brún roimh an chruinniú agus ina dhiaidh go neartófaí an t-éileamh ar reachtaíocht teanga sa Tuaisceart de réir mar a chuirfí an reachtaíocht ó dheas i bhfeidhm.

Bhí cás na teanga sna forais trasteorann ina ábhar imní arís níos deireanaí an bhliain sin, 2004, de réir mheamram 17 leathanach ó Oifig an Ard-Aighne.

Litir ón Choimisinéir Teanga chuig gach comhlacht poiblí, na forais trasteorann san áireamh nó ná I.B.anna (Implementation Bodies mar a tugadh orthu ag an am), ag meabhrú a ndualgas teanga dóibh a spreag cruinniú idir oifigigh de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Roinn na Gaeltachta agus Oifig an Ard-Aighne.

Deirtear sa mheamram go raibh míshástacht faoi litir an choimisinéara: "This apparently raised some hackles – the application of this "southern" Act to I.B.s exercising functions in Northern Ireland – and is seen as highly politically sensitive."

Tháinig an deacracht leis na forais trasteorann chun cinn mar gur tugadh údarás san Acht Teanga don Choimisinéir Teanga déileáil le gach comhlacht poiblí agus ní raibh aon eisceacht déanta i gcás na gcomhlachtaí Thuaidh-Theas. Bhí eisceachtaí déanta, áfach, le cinntiú nach mbeadh cumhacht ná údarás ó thuaidh den teorainn ag an Ombudsman nó ag an Choimisinéir Cosanta Sonraí ach ní raibh a leithéid déanta i gcás na reachtaíochta teanga.

Phléigh na státseirbhísigh ón dá Roinn (Gnóthaí Eachtracha agus Gaeltachta) na roghanna a bhí acu le hOifig an Ard-Aighne.

Tráchtadh ar an reachtaíocht a leasú agus na forais teanga a bhaint de liosta na gcomhlachtaí poiblí a tháinig faoi bhrí na reachtaíochta. "The Department wishes to avoid this approach and thinks that it would send out the wrong signal and create an undesirable precedent," a dúradh sa mheamram.

Pléadh an cás go bhféadfaí "cód cleachtais" a fhorbairt do na forais trasteorann seachas aon riachtanas a bheith orthu scéim teanga a aontú, rud a chiallódh nach mbeadh aon chumhacht ag an Choimisinéir Teanga déileáil leo.

D'fhéadfadh Aire na Gaeltachta cinneadh a dhéanamh gan iarraidh ar na forais teanga scéimeanna teanga a ullmhú ar chor ar bith faoi Alt 11 den Acht, rud a chuirfeadh srian ar údarás an Choimisinéara Teanga sa réimse sin ach tuigeadh nach mbeadh mórán glacadh ag an choimisinéir leis sin: "However a wider view of his functions may lead him to comment adversely on the (deliberate) non-application of section 11 to I.B.s."

I ndeireadh an lae mhol an t-Ard-Aighne go rachfaí i dtreo 'cód cleachtais’ do na forais trasteorann agus go ndéanfaí leasuithe reachtúla le tacú leis sin.

Ní cosúil gur cuireadh na cóid chleachtais i bhfeidhm riamh agus níor iarr Aire na Gaeltachta ar na forais trasteorann scéimeanna teanga a ullmhú ach an oiread.

Cuireadh deireadh ar fad le córas na scéimeanna teanga nuair a leasaíodh an tAcht Teanga sa bhliain 2021 agus beartaíodh córas "caighdeáin teanga" a chur ar bun ina áit.

Níl aon radharc fós ar na caighdeáin teanga sin.