Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Astaíochtaí carbóin á laghdú, ach go rómhall'

17 DECEMBER 2025, 14:47

93% den earnáil iompair á cumhachtú ag breoslaí iontaise i gcónaí
X Facebook

Deirtear i dtuarascáil nua ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann go raibh titim de 16% ar astaíochtaí carbóin ó fhoinsí fuinnimh idir 2018 agus 2023 agus go bhfuil siad ag an leibhéal is ísle sa tír seo le tríocha bliain.

Moltar sa tuarascáil an méid a baineadh amach ainneoin an daonra a bheith méadaithe 10% agus an t-éileamh ar leictreachas a bheith méadaithe 18% i gcaitheamh na gcúig bliana sin.

Mar sin féin, a deirtear, níl an nasc idir fhás eacnamaíochta na tíre agus bhreoslaí iontaise briste fós, ná baol air.

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar Éirinn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 50% faoi 2030, ach deir údair na tuarascála nach mbainfear an sprioc sin amach mura gcuirfear dlús leis an ráta laghdaithe as seo go sin.

Faoi láthair, tá astaíochtaí á laghdú 2.7% sa bhliain ach ní mór iad a laghdú 5% sa bhliain leis an oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh.

Tarraingítear aird sa tuarascáil ar an earnáil iompair go háirithe a bhfuil 93% di á cumhachtú ag breoslaí iontaise i gcónaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ