Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

€17 milliún buaite ag triúr i gCo an Chabháin

17 DECEMBER 2025, 16:36

Is in ollmhargadh Lidl i gCríochán sa Chabhán a ceannaíodh an ticéad buach
X Facebook

Tuairiscítear gur triúr ó theaghlach amháin i gCo an Chabháin a bhuaigh an pota óir i gcrannchur an EuroMillions Dé hAoine seo caite.

Ag cur thar maoil atá an pota go deimhin, ós €17 milliún atá ann, neart lena chinntiú go bhfaighidh gach duine den triúr amhantrach a sciar breá féin den éadáil.

Athair, mac agus iníon atá sa triúr, de réir a bhfuil á thuairisciú ag nuachtán an Anglo Celt.

Is in ollmhargadh Lidl i gCríochán ar Bhóthar Bhaile Átha Luain sa Chabhán a ceannaíodh an ticéad agus lá an chrannchuir féin a ceannaíodh é.

Tá teagmháil déanta ag an teaghlach leis an gCrannchur Náisiúnta cheana agus tá a dtaisce úr geallta agus urraithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ