Dúradh ag Coiste Sláinte an Oireachtais inniu nach bhfuil sé i gceist an t-aonad máithreachais in Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe i gCo na Gaillimhe a dhúnadh, ach ní dúradh cén uair a bheadh seirbhísí máithreachais an ospidéil ag feidhmiú go hiomlán an athuair.
Dheimhnigh ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Bernard Gloster go bhfuil athbhreithniú fós á dhéanamh ar chúig chás a bhain leis an gcúram máithreachais a cuireadh ar fáil in Ospidéal Portiuncula idir mí Dheireadh Fómhair 2024 agus mí Iúil 2025.
Ag an éisteacht inniu, díríodh go háirithe ar an líon suntasach naíonán a d'fhulaing de bharr easpa ocsaigine san inchinn (einceifealapaite iscéimeach hiopocsach) díreach sular tugadh iad ar an saol nó go fíorghairid ina dhiaidh sin.
Shílfeá gur ag dul in olcas a bhí an scéal seachas i bhfeabhas ó bhí sé chás ann anuraidh i gcomparáid le cás amháin an bhliain roimhe sin.
Thug Bernard Gloster le fios go ndearnadh athbhreithnithe ar an gcúram máithreachais a cuireadh ar fáil do dháréag ban.
Dúirt sé go bhfuil seacht gcinn de na hathbhreithnithe sin críochnaithe, go ndearnadh os cionn leathchéad moladh agus gur pléadh na moltaí sin leis na mná a bhí i gceist.
Tá athbhreithnithe á ndéanamh ar an gcúig chás eile i gcónaí, arsa sé.
I bhfianaise thromchúis an scéil, tá seirbhísí máithreachais in Ospidéal Portiuncula teoranta faoi láthair.
In ainneoin na ndeacrachtaí ar fad, dúirt Bernard Gloster nach dóichí go ndúnfaí an t-aonad máithreachais ach ag an am céanna nach bhféadfadh sé a rá cén uair a bheadh seirbhísí máithreachais an ospidéil ag feidhmiú go hiomlán arís.
Mar léiriú ar an imní atá ar an bpobal faoin scéal, bhí laghdú de 18% ar líon na mban atá nó a bhí ag súil le páiste a chláraigh leis an ospidéal i mbliana le hais na bliana seo caite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


