Beirt fhear agus bean iad an triúr atá básaithe i dtaismí bóthair i dtrí chontae ar leith, Luimneach, Muineachán agus Tiobraid Árann.
Maraíodh an bhean nuair a bhuail carr agus leoraí faoina chéile ar an N2 ag Mullach fn Fhéich, Eanaigh Litean gar do Bhaile na Lurgan timpeall a hocht a chlog ar maidin. Bhí an bhean sna tríochadaí agus ba í a bhí ag tiomáint an chairr. Fógraíodh básaithe ar an láthair í agus tugadh a corp chuig Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha. Gabhadh fear atá sna caogadaí agus tá sé á choinneáil ag stáisiún Garda san iarthuaisceart. Tá an bóthar dúnta agus an trácht curtha ar malairt slí.
Ba mhaith le Gardaí go dtíocfadh finnéithe i dteamháil leo, go háirithe iad siúd a bhí ag taisteal ar an N2 idir Achadh an Bhrúim agus Baile na Lurgan idir 07:30 agus 08:15 agus a bhfuil físeán daise acu. Uimhir Stáisiún Garda Bhaile na Lurgan é 047 77200, agus líne rúnda an Gharda é 1800 666 111.
I gCo. Luimnigh maraíodh fear sna ficheadaí agus gortaíodh ceathrar eile nuair a bhuail dhá charr faoina chéile ar an N21 ag Baile Uí Mhurchú Thiar timpeall 12:50 ar maidin.
Bhí an fear a maraíodh ag tiomáint cheann de na cairr agus fógraíodh básaithe ar an láthair é. Tugadh a chorp chuig Ospideál Ollscoile Luimnigh áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air.
Gortaíodh go dona triúr as an gcearthar a bhí sa charr eile, beirt chailíní sna déaga agus fear eile. Gortaíodh an ceathrú duine, fear eile, agus tugadh chuig Ospidéal Ollscoile Chiarraí é.
Tá an bóthar seo dúnta freisin agus an trácht ar malairt slí.
Finnéithe agus eolas á lorg ag na Gardaí chuig stáisiún Garda An Chaisleáin Nua Thair ar
069 206 50, chuig líne rúnda an Gharda ar 1800 666 111 nó chuig aon stáisiún eile Garda.
Idir an dá linn maraíodh fear sna ficheadaí tar éis thaisme bóthair i gCo. Thiobraid Árann aréir. Tharla na eachtra ar an N24 ag an gCorrdhaingean gar to Bhaile Thiobraid Árann timpeall 21:45.
Ní raibh aon duine eile sa charr a bhí á thiomáint ag an bhfear agus ní raibh aon charr eile i gceist.
Tugadh a chorp chuig Ospidéal Ollscoile Phort Láirge mar a gcuifear scúrdú iarbháis air.
Tá an bóthar dúnta chun scrúdú teicniúil agus tá an trácht áitiúil ar malairt slí.
Ba mhaith le Gardaí aon eolas a fháil faoin gcúrsa a lean Toyota Yaris liath ó 2005 sa cheantar timpeall an bhaile agus Bóthar na Báinsí idir 21:00 agus 22:00 aréir. Ba mhaith leo aon fhíseán daise a fháil freisin. Uimhir Gharda Thiobraid Árann é 062 80670.
Fágann seo gurb é 183 é líon na ndaoine atá maraithe ar na bóithre i mbliana go dtí seo.
Maraíodh triúr in eachtraí difriúla i gCo. Thiobraid Árann ag an deireadh seachtaine, fear óg sna déaga, fear sna ficheadaí agus fear eile sna tríochadaí.


