Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Leithscéal na bPreisbitéireach faoin bhfaillí i gcosaint leanaí

18 DECEMBER 2025, 16:45

Tionól Speisialta na hEaglaise Preisbitéirí i mBéal Feirste inniu
X Facebook

Tá leithscéal gafa ag Modhnóir na hEaglaise Preisbitéirí in Éirinn leo siúd a gortaíodh nó a d'fhulaing damáiste de bharr fhaillí na heaglaise maidir le páistí a chosaint.

Bhí an tOir. Richard Murray ag cainte ag Ollthionól Speisialta na hEaglaise i mBéal Feirste mar a raibh comhaltaí ag plé ceisteanna a d'eirigh le roinnt seachtainí. Bhí aiféala agus náire air a dúirt sé leo siúd ar loic an eaglais orthu.

Léirigh tuarascáil inmheánach go raibh ceisteanna tromchúiseacha chosanta leanaí san eaglais idir 2009 agus 2022.

Tugadh an Tionól le chéile le bearta nua cosanta a aontú de bhun na faillí 'téagartha' a tuairscíodh an mhí seo caite

Cé go bhfuil fiosrúchán coiriúil tionscnaithe ag an PSNI faoin gcosaint leanaí san Eaglais Phreisbitéireach, níl aon achar ama luaite leis.

Ós carthannacht chláraithe í an Eaglais Phreisbitéireach freisin, tá Coimisiún na gCarthannachtaí sa Tuaisceart tar éis fiosrúchán dá chuid féin a thionscnamh freisin.

Dúirt an Dr. Murray leis an slua go bhfuil comh-fhreagracht ar gach duine díobh, ach go bhfuil freagracht ar leith le hiompar ag daoine ar leith san eaglais.

Tháinig an Dr Richard Murray i gcomharbacht ar an Dr. Trevor Gribben an mhí seo caite nuair a sheas Gribben siad ó ról an mhodhnóra.

Dúirt Richard Murray i rith an Tionóil gur gá dóibh teacht le chéile le brón a dhéanamh dóibh siúd a gortaíodh agus a d'fhulaing dochar, agus leithscéal a ghabháil leo as an bhfaillí a rinne an eaglais orthu.

Tá suas le 600 comhalta i láthair ag an Tionól. Meastar gur 185,000 comhalta atá ag an Eaglais Preisitéireach, scaipthe thar 500 pobal, agus a bhformhór mór díobh sin sa Tuaisceart.