Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Aighneas Caredoc: dóchas faoi réiteach ach doiléire ann fós

19 DECEMBER 2025, 17:20

Picéad taobh amuigh d'Ospidéal Naomh Damhnait i gCeatharlach inné
X Facebook

Deir Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann nach bhfuil an stailc atá beartaithe an tseachtain seo chugainn ag baill den chumann sa tseirbhís dochtúireachta Caredoc in oirdheisceart na tíre, nach bhfuil an stailc sin curtha ar ceal fós in ainneoin a bhfuil á thuairisciú faoi réiteach.

Cúrsaí pá is siocair leis an aighneas in Caredoc a chuireann seirbhís dochtúireachta ginearálta ar fáil taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige.

Is cosúil go bhfuil doiléire ag baint leis an gcás ó fógraíodh aréir go raibh airgead breise geallta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Caredoc chun ardú pá a thabhairt do na haltraí mar a bhí siad ag éileamh.

Deir ceardchumann na n-altraí gur chuir siad an stailc a bhí ar bun acu inné, gur chuir siad ar fionraí é nuair a fuair siad scéala foirmiúil faoin socrú sin tráthnóna inné.

Mar sin féin, ar siad, ba mhaith leo na mionsonraí a fheiceáil sula gcuirfidh siad moladh foirmiúil os comhair na mball, is é sin glacadh lena bhfuil sa socrú nó gan glacadh leis.

Tá baint ag baill den cheardchumann SIPTU leis an aighneas chomh maith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ