Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Aontas Eorpach le €90 billiún a thabhairt ar iasacht don Úcráin

19 DECEMBER 2025, 11:15

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceannairí Eorpacha a phléigh cruachás na hÚcráine, agus a bhfuil le déanamh faoi, i gcruinniú mullaigh sa Bhruiséil inné
X Facebook

Tá sé socraithe ag ceannairí an Aontais Eorpaigh iasacht de €90 billiún a thabhairt don Úcráin leis an tír sin a choinneáil ag imeacht as seo go ceann dhá bhliain agus í bánaithe ag an gcogadh atá an Rúis a chur uirthi.

Ní ar aon aigne a bhí na ceannairí sula ndeachaigh siad i ndáil chomhairle sa Bhruiséil inné leis an gcás a chaibidil, ach tháinig siad ar chomhaontú ar deireadh i dtráthanna beaga na maidine.

Bhí cuid de na ballstáit ag moladh an Úcráin a mhaoiniú le sócmhainní ón Rúis atá calctha san Aontas Eorpach ach bhí ballstáit eile den bharúil nár stuama an beart é sin i láthair na huaire.

Ós sa Bheilg atá bunáite na sócmhainní calctha, bhí imní ar an tír sin go háirithe go bhféadfadh an Rúis an dlí a chur uirthise thar aon bhallstát eile dá gcuirfí an moladh i bhfeidhm.

Is é an socrú a rinneadh ar deireadh an tAontas Eorpach airgead a fháil ar iasacht agus an t-airgead sin a thabhairt ar athiasacht don Úcráin.

Go hiondúil, i gcás mar é, bheadh gach aon bhallstát in éindí freagrach as na fiacha ón mbuniasacht ach sa chás áirithe seo ceadaíodh don Ungáir, don tSlóvaic agus do Phoblacht na Seice gan aon fhreagracht a bheith orthusan ina leith de bhrí go bhfuil siad measartha báúil leis an Rúis.

Socraíodh sa chruinniú chomh maith – go teoiriciúil ar aon chor – cead a thabhairt don Úcráin leas a bhaint as na sócmhainní Rúiseacha leis an iasacht a íoc ar ais leis an Aontas Eorpach sa chás nach n-íocfadh an Rúis cúiteamh iarchogaidh léi.

Dá mhéad é €90 billiún, más ea, meastar gur €135 billiún i ndáiríre a theastaíonn leis an gcár a choinneáil san Úcráin as seo go ceann dhá bhliain.

Agus mar leis an gcogadh, tuigtear go mbeidh tuilleadh comhráite ag ionadaithe ón Ucráin agus ó na Stáit Aonaithe in Washington inniu agus amárach faoi dheireadh a chur leis.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gur theastaigh tuilleadh mioneolais i dtaobh na ngealltanas atá tugtha cheana ag na Meiriceánaigh faoi shlándáil na tíre i bhfad na haimsire.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ