Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Líomhaintí éagsúla faoi 'ionsaí drón ar theach Putin'

30 DECEMBER 2025, 13:40

Vladimir Putin ina oifig i Moscó inniu
X Facebook

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine Andriy Sybiga nach bhfuil aon fhianaise inchreidte ann go ndearna fórsaí míleata na tíre sin ionsaí drón ar cheann d'árais chónaithe Uachtarán na Rúise Vladimir Putin arú aréir.

Níl aon fhianaise ann, arsa Andriy Sybiga, mar nár tharla aon ionsaí mar é.

Mhaígh sé gur scéal bréagach a bhí ann a bhí cumtha ag an Rúis le súil earraíocht a bhaint as i gcomhráite síochána.

Os a choinne sin, dúirt urlabhraí Rialtas na Rúise Dmitry Peskov gur seafóid a bhí sa líomhain sin agus cé gur thug sé le fios nach raibh aon oibleagáid ar an Rúis fianaise faoin ionsaí a chur ar fáil, níor chuir sé as an áireamh é.

Go deimhin, chaith Dmitry Peskov an líomhain sall ar na hÚcránaigh agus mhaígh sé go ndearna siad an t-ionsaí le súil na comhráite síochána a chur ó mhaith.

Más fíor a bhfuil ráite ag na Rúisigh, chuir siad na dróin ar fad go talamh sular bhain siad sprioc amach.

Tuigtear gur áras cónaithe Putin in Oblast Novgorod in iarthuaisceart na Rúise a bhí i gceist ach ní dúradh an raibh sé ann ag an am.

Aréir, thug Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le fios go ndúirt Putin leis go ndearna na hÚcránaigh iarracht arás cónaithe dá chuid a ionsaí.

Dúirt Trump nach dea-scéal a bhí ann.

Phléigh ceannairí Eorpacha an cogadh san Úcráin i gcruinniú fíorúil a bhí acu ar maidin inniu.

Tuairiscítear go ndúirt Príomh-Aire na Polainne Donald Tusk roimh an gcruinniú go bhfuiltear "i ngar don tsíocháin".

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ