Tá fógra tugtha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump do Hamas in Gaza a gcuid arm a chur de láimh gan mhoill – é sin nó íocfaidh siad go daor as, arsa sé.
Mhaígh Trump go raibh a gcuid gealltanas comhlíonta ag na hIosraelaigh go dtí seo maidir leis an sos comhraic in Gaza agus dúirt gur ar Hamas a bhí sé anois déanamh amhlaidh.
Ag labhairt ag preasócáid in Florida a bhí Trump tar éis cruinniú a bhí aige le Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu ansin inné.
Bhí sé ráite ag Hamas níos túisce inné nach raibh lá rúin acu a gcuid arm a chur de láimh.
Deirtear go bhfuil Trump ar bís leis an gcéad chuid eile dá phlean féin maidir lena bhfuil i ndán do Gaza a chur i bhfeidhm, is é sin rialtas "teicnealathach" Palaistíneach a chur i gcumhacht ann le tacaíocht ó fhórsa míleata idirnáisiúnta.
Ag an bpreasócáid chéanna, agus Netanyahu lena thaobh, dúirt Trump go gcuirfeadh sé ó mhaith aon iarracht as an nua a dhéanfadh an Iaráin cumhacht núicléach a fhorbairt nó diúracáin bhalaistíocha a tháirgeadh.
Rinneadh damáiste mór d'ionaid núicléacha san Iaráin de bharr ionsaithe buamála a rinne na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh orthu i dtús an tsamhraidh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


