Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Póilín cúisithe i bpiléir a ghoid ó ionad oiliúna

30 DECEMBER 2025, 15:21

Robert Rodgers taobh amuigh de theach na cúirte ar maidin inniu
X Facebook

Tháinig comhalta de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann os comhair cúirte ar an mBaile Meánach i gCo Aontroma inniu agus é cúisithe sna mílte piléar a ghoid ó ionad oiliúna póilíní.

Sin é Robert Rodgers, 63 bliain d'aois, nach bhfuil cead a sheoladh baile a fhoilsiú.

Chomh maith leis an armlón a ghoid, tá sé cúisithe i bpúdar gunna a bheith ina sheilbh aige agus i gcalaois.

Líomhnaítear go ndearna sé cárta slándála bréagach le go bhféadfadh sé dul isteach in armlann na bpóilíní in Aontroim mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Scaoileadh saor ar bannaí Robert Rodgers agus tiocfaidh sé os comhair cúirte arís mí Feabhra.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ