Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

149 duine gafa faoi thiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí

30 DECEMBER 2025, 16:10

Bhunaigh na Gardaí 2,100 pointe seiceála idir an 22 Nollaig agus an 28 Nollaig
X Facebook

Ghabh na Gardaí 149 duine faoi thiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí i gcaitheamh na seachtaine idir an 22 Nollaig agus an 28 Nollaig.

Ó thús na míosa, tráth a cuireadh tús le feachtas sábháilteachta na Nollag, tá 600 duine san iomlán gafa faoi thiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí.

Drugaí a bhí i gceist i gcás 43% de na daoine sin, cannabas nó cócaon den chuid is mó.

Bhunaigh na Gardaí 2,100 pointe seiceála ar fud na tíre idir an 22 Nollaig agus an 28 Nollaig mar chuid den fheachtas sábháilteachta bliantúil.

I gcaitheamh na seachtaine sin, choigistigh siad 435 feithicil mar gheall ar chionta éagsúla; d'eisigh siad 150 fógra muirir sheasta faoi chionta a bhain le fóin; agus d'eisigh siad 45 fógra muirir sheasta faoi chionta a bhain le criosanna sábhála.

Ina cheann sin, thaifead na Gardaí i Luimneach gluaisteán a raibh luas 207 ciliméadar san uair fúithi i gceantar 100 ciliméadar san uair.

Leanfaidh an feachtas sábháilteachta go dtí an 5 Eanáir.

Maraíodh 189 duine i dtimpistí bóthair sa Stát go dtí seo i mbliana, triúr acu idir an 22 Nollaig agus an 28 Nollaig.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ