Tá Rialtas Iosrael ag bagairt cosc a chur ar 37 eagraíocht fóirithinte obair dhaonnúil a dhéanamh in Gaza agus sa Bhruach Thiar ó amárach.
Baineann an scéal le hordú a thug na hIosraelaigh do na heagraíochtaí sin sonraí pearsanta na ndaoine atá fostaithe acu sna críocha Palaistíneacha a chur ar fáil dóibh.
Maíonn na hIosraelaigh go dteastaíonn na sonraí pearsanta uathu lena chinntiú nach bhfuil "sceimhlitheoirí" i measc na bhfostaithe.
Níl aon ghlacadh ag lucht fóirithinte leis an ordú, más ea, mar go bhféadfadh an fhoireann oibre a bheith i mbaol dá dtabharfaí a sonraí pearsanta ar láimh, a deir siad.
Tá an carthanas leighis Médecins Sans Frontières (MSF) i measc na n-eagraíochtaí fóirithinte atá i gceist.
Dar leis na hIosraelaigh go bhfuil roinnt daoine atá fostaithe ag MSF bainteach le Hamas agus le Jiohád Ioslamach na Palaistíne.
Deir MSF nach bhfostóidís i bhfios dóibh aon duine a bhí páirteach i ngníomhaíocht mhíleata.
Tá cúram leighis curtha ar fáil ag MSF do bheagnach leathmhilliún duine in Gaza le dhá bhliain.
Tá a bhfuil beartaithe ag na hIosraelaigh cáinte ag an Aontas Eorpach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


