Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Coisí maraithe i dtubaiste bóthair i gCill Dara

31 DECEMBER 2025, 11:22

Is iad na Gardaí i Stáisiún Chill Dara atá ag fiosrú na tubaiste
X Facebook

Maraíodh coisí – fear sna daichidí – nuair a leag gluaisteán é i gCo Chill Dara inné.

Tharla an tubaiste ar Bhóthar Mhainistir Eimhín in aice le baile Chill Dara ag thart ar 6 a chlog tráthnóna inné.

Bhásaigh an fear ar an mball.

Tá na Gardaí i gCill Dara ag achainí ar aon duine a bhí ag tiomáint sa cheantar ag an am agus a mbeadh íomhánna ó cheamara deaise acu teacht chun cainte leo.

Fágann an tionóisc is deireanaí gur maraíodh 190 duine i dtubaistí bóthair sa Stát go dtí seo i mbliana, le hais 175 san achar céanna anuraidh.

Coisithe ab ea 45 den 190.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ