Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cúigear gortaithe in ionsaí coirloiscthe i mBaile Átha Cliath

31 DECEMBER 2025, 15:26

Is ar Ascaill Creston i bhFionnghlas a rinneadh an dó mailíseach
X Facebook

Gortaíodh go han-dona bean sna daichidí agus buachaill sna déaga in ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar theach i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu.

Gortaíodh chomh maith bean sna fichidí agus beirt chailíní sna déaga san ionsaí a rinneadh ar an teach ar Ascaill Creston ag thart ar 12.45 ar maidin.

Deirtear nach bhfuil beatha an triúir dheireanaigh sin i mbaol.

Tá cóir leighis á chur ar an gcúigear in Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir agus in Ospidéal na Leanaí ar Shráid Temple.

FINGLAS ARSON ATTACK CRESTON AVENUE
Is ag thart ar 12.45 ar maidin a ionsaíodh an teach

Tá scrúdú dlí-eolaíochta le déanamh ag na Gardaí ar an teach gan mhoill.

Idir an dá línn, tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic aon ní as bealach i gceantar Creston aréir teacht chun cainte leo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ