Thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le fios go raibh gach taobh tagtha ar chomhaontú faoi "90%" de phlean síochána maidir leis an gcogadh sa tír sin ach dúirt go raibh "cinniúint na síochána, na hÚcraine agus na hEorpa i ngeall ar an 10% eile".
In aitheasc a thug sé aréir, dúirt Zelensky nach síocháin "cóir máireach" a theastaigh ón Úcráin agus gheall sé nach gcuirfeadh sé a ainm le "comhaontú lag".
Tar éis an tsaoil, is ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh atáimid seachas deireadh a chur leis an Úcráin féin, arsa sé.
Níl sé soiléir ón méid a dúirt Zelensky cad atá i ndán do reigiún an Donbas in oirthear na hÚcráine, ceann de na mórchnámha spairne.
Tá na Rúisigh ag éileamh go dtarraingeodh na hÚcránaigh amach as an áit agus cos curtha i dtaca acu faoin éileamh sin.
Cuimsíonn an Donbas dhá mhórlimistéar, mar atá, Donetsk agus Luhansk. Tá 75% de Donetsk agus 99% de Luhansk ina seilbh ag fórsaí míleata na Rúise cheana féin.
Ghabh Zelensky buíochas le ceannairí idirnáisiúnta a thacaigh leis an Úcráin ach, arsa sé, ní mór a bhfuil geallta acu maidir le slándáil na hÚcráine i bhfad na haimsire a chur i bhfeidhm.
Níos túisce an tseachtain seo, gheall Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go gcosnódh na Meiriceánaigh an Úcráin go ceann cúig bliana déag mar chuid de chomhaontú síochána.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


