Bhí buachaill beag, Elliot Deak, ar dhuine de na chéad leanaí a tháinig ar an saol in Éirinn sa Bhliain Nua.
35 soicind tar éis an mheán oíche a rugadh Elliot in Ospidéal an Rotunda i gcroílár Bhaile Átha Cliath.
8 bpunt 1 unsa a bhí an duine beag, súilín óir a thuismitheoirí Rachel agus Adam Deak as Ráth Naoi i gCo Chill Mhantáin.
Sna sála air bhí Millie Elizabeth Kelleher, cailín beag a rugadh ag 40 soicind tar éis an mheán oíche san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais ar Shráid Holles i mBaile Átha Cliath.
6 phunt 6 unsa a bhí Millie agus is iad Sally agus John Kelleher as an Nás i gCo Chill Dara a tuismitheoirí .
Go dlúth ina dhiaidh sin, ag dhá nóiméad tar éis an mheán oíche a saolaíodh buachaill eile, Kash Burke, in Ospidéal an Chúim i mBaile Átha Cliath.
In Ospidéal an Rotunda ag cúig nóiméad tar éis an mheán oíche a rugadh Leo, an chéad leanbh ag Danielle McNamee agus Troy as Leamhcán i mBaile Átha Cliath.
Nóiméad cothrom ina dhiaidh sin a rugadh cailín do Ranjitha Sivakumar san ospidéal céanna.
Anjali is ainm di, ar 'bronntanas' is brí leis.
Fad saoil dóibh ar fad in aice na sláinte!
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


