Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Srianta cuartaíochta in ospidéil mar gheall ar víris

01 JANUARY 2026, 18:52

Srianta cuartaíochta in Ospidéal Réigiunach Lár Tíre i dTulach Mhór
X Facebook

Tá srianta cuartaíochta i bhfeidhm in Ospidéal Réigiunach Lár Tíre i dTulach Mhór, Co Uíbh Fhailí, mar gheall ar an líon mór othar san ospidéal a bhfuil galar riospráide orthu.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur cosúil go bhfuil an noraivíreas, nó an fhríd urlacain geimhridh, go bhfuil sé ag scaipeadh i measc an phobail faoi láthair.

Chomh maith leis an víreas sin, tá an fliú ar roinnt othar san ospidéal i dTulach Mhór.

In ainneoin na srianta, tá cead ag daoine áirithe teacht ar cuairt ann ar bhonn atrua i gcúinsí eisceachtúla.

San iarthar, táthar ag iarraidh ar dhaoine a bhfuil siomptóim an fhliú orthu gan cuairt a thabhairt ar othair in Ospidéal Ollscoile Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh.

Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, dúirt sé inné cé go mbainfeadh líon na gcásanna den fhliú buaicphointe amach an tseachtain seo go mbeadh foirne leighis sna hospidéil coinnithe ar a mine ghéire go gceann scaithimh eile fós.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ