Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tarraingt ar 17,000 duine gan dídean, an líon is mó riamh

02 JANUARY 2026, 15:21

An líon daoine gan dídean méadaithe gach aon mhí le haon mhí dhéag
X Facebook

Bhí 16,996 duine gan dídean nó ag cur fúthu i lóistín éigeandála sa Stát mí na Samhna seo caite – méadú de 200 ón mí roimhe sin agus an líon is mó a taifeadadh riamh – de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta.

11,675 duine fásta agus 5,321 páiste a bhí i gceist.

Ní údar iontais na figiúirí nua, más ea, ó tá an líon daoine gan dídean méadaithe gach mí le haon mhí dhéag.

Dúirt Roughan Mac Namara ón gcarthanas Focus Ireland gur léirigh an drochscéal is deireanaí, má bhí léiriú ag teastáil, go gcaitheadh toradh a bheith ar phlean tithíochta an Rialtais i mbliana.

Tharraing sé aird go háirithe ar na páistí a dúirt sé a bhfuil blianta a n-óige curtha ó rath ag an easpa dídine agus ag an bhfánaíocht sheasta.

Dúirt Ber Grogan ó Chlann Shíomóin gur danaidí fós an scéal mar nár ghá go mbeadh aon duine sa tír seo gan dídean ach na polasaithe cearta a bheith curtha i bhfeidhm.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ