Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

€423,000 an meánphraghas ar ghnáth-theach in 2025, ardú de 5.5%

02 JANUARY 2026, 17:00

'An bhearna mhór idir an t-éileamh agus an soláthar is cionsiocair leis an ardú leanúnach ar phraghsanna' – Daft.ie
X Facebook

Bhí ardú de 5.5% ar an meán ar an bpraghas a iarradh ar an ngnáth-theach cónaithe anuraidh, i gcomparáid le 2024, de réir a bhfuil sa tuarascáil is deireanaí ó Daft.ie.

Glactar leis sa tuarascáil gur teach leathscoite trí sheomra codlata is ea an gnáth-theach cónaithe.

€423,000 an meánphraghas náisiúnta a bhí ar theach sa ráithe dheireanach de 2025.

I mBaile Átha Cliath, áfach, is €611,000 a bhíothas a iarraidh in ainneoin gur sa réigiún sin a bhí an t-ardú náisiúnta ba lú, mar a bhí, 3.1%.

Is i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh le chéile a bhí an t-ardú ba mhó, mar a bhí, 11.6%.

Dar le húdar na tuarascála Rónán Lyons gur dóichí go leanfaidh praghsanna ag ardú i mbliana mar gur mó i bhfad an t-éileamh ná an soláthar.

Is é an réiteach céanna a theastaigh riamh a theastaíonn i gcónaí, arsa an Laighneach, is é sin breis tithe a thógáil – dhá oiread an 35,000 atáthar a thógáil in aghaidh na bliana faoi láthair, dar leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ