Tá ionsaithe na Stát aontaithe ar Veiniséala cáinte ag páirtithe polaitiúla anseo.
Géarchéim idirnáisiúnta atá tugtha ag urlabhraí ghnóthaí eachtracha an Lucht Oibre, Duncan Smith ar fhuadach Uachtarán Veiniséala, Nicolas Maduro agus a bhean chéile,Cilia Flores.
D'iarr sé go ngíomhófaí láithreach le deireadh a cbur leis an bhfoiréigean, an dlí idirnáisiúnta a chosaint agus a chinntiú go dtugtar abhaile an bheirt go sábháilte.
Tá urlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí gnóthaí eachtracha,Donnchadh Ó Laoghaire cáinteach faoin mbealach a bhfuil na Stáit Aontaithe ag iarraidh an réamas i Veiniséala a athrú ar mhaithe le smacht a fháil ar thaiscí ola sa tír.
Caithfidh ceannairí an domhain labhairt amach ina choinne seo a deir an Teachta Ó Laoghaire.
Tá na Daonlathaithe Sóisialta agus Pobal Seachas Brabach i ndiaidh labhairt amach i gcoinne na n-ionsaithe freisin.


