Tá fear gafa ag na Gardaí maidir le bás fir sna seascaidí a bhfuarthas a chorp taobh amuigh de bhaile Ard an Rátha i gCo Dhun na nGall go moch ar maidin inniu.
Fuair na seirbhísí éigeandála corp Stephen McCahill in aice le teach ag thart 4 a chlog ar maidin.
Gabhadh fear sna tríochaidí in áit eile níos deireanaí.
Fear gnó aitheanta sa cheantar ab ea Stephen McCahill.
Tá an áit a bhfuarthas a chorp caomhnaithe ag na Gardaí agus tá fios curtha acu ar an bPaiteolaí Stáit.
Is iad na Gardaí i mBéal Átha Seanaidh atá i mbun an fhiosrúcháin agus tá oifigeach caidrimh ceaptha acu le tacú le teaghlach McCahill.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


