Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Maduro le tabhairt os comhair cúirte i Nua-Eabhrac

05 JANUARY 2026, 18:45

Nicolás Maduro i ngéibheann ar long le cabhlach na Stát Aontaithe
X Facebook

Tá iarUachtarán Veiniséala Nicolás Maduro le tabhairt os comhair cúirte i Nua-Eabhrac inniu tar éis d'fhórsaí míleata Mheiriceá é a fhuadach as a theach cónaithe i bpríomhchathair Veiniséala, Caracas, ar an deireadh seachtaine.

Bhí Maduro i gceannas ar Veiniséala ar feadh dhá bhliain déag go dtí gur fuadaíodh é ar maidin Dé Sathairn.

Is de bhrí go raibh sé freagrach as drugaí a sheoladh chun na Stát Aontaithe i gcaitheamh na mblianta a bhí sé i gcumhacht a deir na Meiriceánagh a chuir siad as oifig é.

Is í Leas-Uachtarán Veiniséala Delcy Rodriguez atá i gceannas ar riatas na tíre anois ach tá éiginnteacht faoina fhad a fhanfas sí sa phost agus faoin gcaidreamh a bheas aici leis na Meiriceánaigh.

Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump, ámh, go bhféadfadh fórsaí Mheiriceá ruathar eile a thabhairt ar Veiniséala mura ngéillfeadh sí dá bhfuil uaidh.

Ní raibh drogall ar bith ar Trump a rá gur ag santú acmhainn nádúrtha Veiniséala atá sé agus dúirt go raibh rún aige comhlachtaí Meiriceánacha a chur ann le bonneagar ola na tíre a fhorbairt.

Náisiúnaíodh bonneagar ola Veiniséala leathchéad bliain ó shin agus dúirt Trump go dteastaíonn uaidh "ar ghoid siad ó Mheiriceá ó shin a fháil ar ais".

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ