Bhí cruinniú ag an Taoiseach Micheál Martin le hUachtarán na Síne Xi Jinping i mBéising ag tús na cuairte oifigiúla ceithre lá atá sé a thabhairt ar an tír sin.
Is in áras stáit Halla Mór an an Phobail a bhí an cruinniu ag an mbeirt fhear, áit ar phléigh siad an caidreamh trádála idir Éire agus an tSín agus an caidreamh ginearálta idir an tAontas Eorpach agus an tSín.
D'iarr an Taoiseach trádáil níos oscailte idir Éire agus an tSín agus thug sé aitheantas do ról suntasach na Síne i ngnóthaí idirnáisiúnta, go háirithe an ról atá ag an tír sin sna Náisiúin Aontaithe.
Dúirt an tUachtarán Xi gur cheart cur leis an gcomhoibriú idir Éire agus an tSín i réimsí áirithe – san Intleacht Shaorga agus sa gheilleagar digiteach, cuir i gcás.
I ndiaidh an chruinnithe, thug an Taoiseach cuairt ar an gCathair Thoirmiscthe, seanphálás Impire na Síne.
Beidh cruinnithe freisin ag Micheál Martin le lucht gnó as Éirinn atá bunaithe i mBéising agus le lucht gnó na Síne féin.
Labhróidh sé chomh maith le hionadaithe ó choláistí Éireannacha atá sa chathair sin.
Rachaidh an Taoiseach go Shang-hai arú amárach, áit a mbeidh cruinnithe aige le méara na cathrach sin agus le lucht gnó ón earnáil turasóireachta agus ón earnáil bia agus deochanna.
Fillfidh an Taoiseach ar Éirinn Déardaoin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


