Tá dhá fholáireamh bhuí aimsire fógartha ag Met Éireann agus an fuacht atá ann le roinnt laethanta le leanúint go ceann tamaill eile.
Níor oscail 150 scoil sa Tuaisceart ar maidin inniu i ndiaidh shaoire na Nollag mar gheall ar an drochaimsir, ná na scoileanna i nGleann Fhinne i gCo Dhún na nGall ach oiread.
Baineann ceann den dá fholáireamh is deireanaí le teocht íseal agus leac oighir, agus is le sneachta agus leac oighir a bhaineann an ceann eile.
Is iad Cúige Laighean, an Cabhán, Muineachán, Cúige Mumhan, Gaillimh agus Ros Comáin na ceantair atá i gceist leis an gcéad fholáireamh a mhairfeas go dtí 9 a chlog ar maidin amárach.
Idir aon chéim agus trí chéim faoi bhun an reophointe a bheas an teocht is ísle sna háiteanna sin agus d'fhéadfadh oighear dubh a bheith ann chomh maith.
Is iad Dún na nGall, Liatroim, Maigh Eo agus Sligeach na ceantair atá i gceist leis an dara foláireamh a mhairfeas go dtí 9 a chlog ar maidin amárach freisin.
Beidh ceathanna flichshneachta agus sneachta i roinnt de na háiteanna sin, chomh maith le sioc crua agus leac oighir.
Tá foláireamh buí aimsire fógartha freisin i sé chontae an Tuaiscirt ag na meitéareolaithe ansin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


