I gcúirt fheidearálach i Nua-Eabhrac inniu, phléadáil iarUachtarán Veiniséala Nicolás Maduro neamhchiontach i gceithre chúis a cuireadh ina leith, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht drugaí agus airm a bheith ina sheilbh aige.
Dúirt Maduro nach raibh sé ciontach, gur fear cóir a bhí ann agus gur uachtarán a thíre ab ea é.
Os comhair na cúirte céanna in Manhattan, agus na cúiseanna céanna curtha ina leith, bhí bean chéile Maduro, Cilia Flores, agus phléadáil sise neamhchiontach chomh maith.
Cuirtear i leith na lánúine gur shaibhrigh siad iad féin le 25 bliain trí dhul i bpáirt le coirpigh idirnáisúnta a bhí ag seoladh drugaí mídhleathacha chun na Stát Aontaithe.
Dúirt dlíodóir Maduro nach raibh a chliant chun iarratas ar bhannaí a dhéanamh inniu ach thug le fios nach raibh sé curtha as an áireamh aige san am le teacht.
Mhair an éisteacht tuairim is 40 nóiméad agus bhí geimhle ar a chosa ag Maduro lena linn.
Ní raibh cead isteach i seomra na cúirte ach iriseoirí áirithe agus daoine áirithe ón bpobal.
Tiocfaidh an cás os comhair na cúirte arís ar an 17 Márta ach níl sé soiléir fós an mbeidh Maduro nó a bhean chéile i láthair an lá sin.
D'fhuadaigh fórsaí míleata Mheiriceá an lánúin as a dteach cónaithe i bpríomhchathair Veiniséala, Caracas, ar an deireadh seachtaine agus thug go Nua-Eabhrac iad ar bord loinge.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


