Tá Foras Croí na hÉireann ag achainí ar an Rialtas rialacháin nua maidir le fógraí bia beagmhaitheasa atá tugtha isteach sa Bhreatain, iad a thabhairt isteach sa tír seo.
Níl cead ó inniu fógraí bia beagmhaitheasa a chraoladh ar an teilifís roimh 9 a chlog san oíche, ná a fhoilsiú ná a chraoladh ar líne ar chor ar bith in aon áit sa Bhreatain.
Áirítear sna rialacháin nua seacláid, milseáin, uachtar reoite, pizza, arán áirthe, deochanna boga agus aon saghas bia eile a bhfuil go leor siúcra, salainn nó saille ann.
Is le dul i ngleic le murtall agus lobhadh fiacla i measc leanaí a tugadh isteach na rialacháin nua.
Polasaí ceannródaíoch atá ann, dar le Rialtas na Breataine, agus maítear nach dtitfidh 20,000 leanbh i bhfeoil gach bliain dá bharr.
Maítear go deimhin go gcaithfidh leanaí 7.2 billiún calra níos lú gach bliain dá bharr.
Dúirt Chris Macey ó Fhoras Croí na hÉireann go mbeadh leanaí sa Tuaisceart níos sláintiúla ná a gcomhaoisigh sa Phoblacht mar gheall ar na rialacháin nua agus d'iarr sé ar an Rialtas polasaí mar é a moladh san Oireachtas cheana a chur i bhfeidhm sa Stát seo.
Mar sin féin, arsa sé, tá polasaí níos doichte fós ag teastáil mar nach mbaineann na rialacháin nua sa Bhreatain leis an margaíocht a dhéanann tionchóirí ar líne.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


