Tugadh fear 32 bhliain d'aois os comhair chúirt dhúiche Leitir Ceannainn i nDún na nGall anocht agus cúisíodh é i ndúnmharú fhear gnó sa chontae go luath maidin inné.
Cúisíodh Michael Maloney, as Loughross Point in Ard an Rátha i ndúnmharú Stephen McCahill, a fuarthas marbh ina theach cónaithe taobh amuigh den bhaile maidin inné.
Dúradh sa chúirt gur gabhadh an fear go foirmeálta i stáisíun Garda Bhéal Átha Seanaigh tráthnóna agus gur cuireadh an cúiseamh singil seo ina leith.
Dúirt an Garda Patrick Kelly nár thug Michael Maloney aon fhreagra ar an gcúiseamh.
D'iarr an dlíodóir cosanta Mark Mullaney ar an gcúirt go dtabharfaí gach cóir leighis agus siciatrach a bheadh ag teastáil óna chliaint don tinneas siciatrach atá air.
Cuireadh Michael Maloney siar faoi choinneáil chuig príosún An Chaisleáin Riabhaigh agus beidh sé os comhair chúirt Leitir Cheanainn arís, ar nasc físeáin, an tseachtain seo chugainn.
Fear gnó, tabhairneoir agus ceantálaí, a bhí i Stephen McCahill, agus fear é a raibh aithne fhorleathan air sa cheantar. Fógraíodh Stephen McCahill ina Phearsa Dhún na nGall i 2016. Sheas sé ina iarrthóir neamhspleách i nDun na nGall Thiar Theas in olltoghchán 2011.
Bhí sé pósta agus bhí beirt chlainne air.


