Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Táirgí bhainne fhoirmle do naíonáin SMA tarraingthe ag Nestlé

06 JANUARY 2026, 13:00

X Facebook

Tá roinnt táirgí foirmle naíonáin agus fhoirmle leantach do naíonáin de chuid SMA tarraingthe siar de bharr an bhaol go bhféadfadh an tocsain cereulide bheith iontu.

18 baisc de na táirgí SMA atá á dtarraingt siar ag an gcomhlacht Nestlé.

Tá sonraí faoi na baisceanna atá tarraingthe siar ar shuíomh idirlín Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, agus beidh fógraí á dtaispeáint sna háiteanna a bhfuil na hearraí á ndíol don phobal.

Ar na táirgí atá i gceist tá:

  • SMA Advanced First Infant Milk
  • SMA Advanced Follow on Milk
  • SMA Comfort
  • SMA First Infant Milk
  • SMA Gold Prem 2
  • SMA Little Steps First Infant Milk
  • SMA Alfamino.

Tá an liosta iomlán le fáil anseo:

https://www.fsai.ie/news-and-alerts/food-alerts/recall-of-various-sma-infant-formula-and-follow-on

Iarrtar ar thuismitheoirí agus ar chúramóirí gan naíonáin ná páistí óga a bheathú leis na baisceanna atá i gceist.

Deir an tÚdarás Sábháilteachta Bia gur féidir le bia a bhfuil an cereulide ann múisc agus babhta géar urlacain a thabhairt. Is féídir le siomptóim tosú faoi chúig uair a chloig den fhoirmle a ól agus mairfidh an tinneas idir shé agus cheithre uaire is fiche.

An bhaictéir bacillus cereus is cúís leis an tocsain cereulide bheith in aon bhia, agus ní mharaíonn teas go héasca é.