D'ardaigh ioncam an Stáít ó chán chorparáideach de 17.2% anuraidh, rud a d'fhág gur €32.9 billiún a tháinig ón earnáil amháin sin, de réir an eolais is deireanaí ón Roinn Airgeadais.
Íocaíochtaí ó chomhlachtaí ilnáisiúnta is mó ba chúis leis an mborradh mór seo.
Mí na Nollag féin bhí €1bn sa bhreis i gcáin chorparáideach bailithe ag an Stát thar an mhí chéanna i 2024, nuair a chuirtear aisíocaíochtaí canácha Apple as an áireamh.
D'fhág sin gur €105.7 biliún é ioncam iomlán an Stáit ó chánacha, ardú de 8.6%.
I measc na n-earnálacha eile a bhí ann:
- D'ardaigh cáin iomcaim de 4.3% ag bailiú €36.5 billiún don státchiste
- D'ardaigh CBL de 5.1% chuig €2.2 billiún anuraigh
- D'ardaigh ioncam ó dhleacht de 3% chuig €6.4 billiún.
Dar leis an Rialtas go léiríonn na figiúirí seo go bhfuil margadh na fostaíochta láidir agus go bhfuil tomhaltóirí muiníneach as caiteachas a dhéanamh.
Ach chaith an Stát €109.4 billiún, ardú 5.5% ar 2024.
Ar deireadh thiar, agus íocaíochtaí Apple as an áireamh, bhí farasbarr de €3.8 billiún ag an státchiste. Ardú €2 bhilliún é seo ar 2024.
D'íoc Apple €1.7billiún leis an Stát i 2025, le hais €10.9 billiún i 2024.
Is ionann an cháin chorporáideach agus aon trian de na cánacha a bhailíonn an Stát, dar leis an Aire Airgeadais Simon Harris.
Bhí na híocaíochtaí seo ag brath go láidir, a dúirt sé ar dhornán beag cistí ilnáisiúnta. Ach dúirt sé go raibh rún ag an Rialtas cur le 'cosaintí fhisceacha' sna blianta atá amach romhainn.
Bhí cur chuige an Rialtais cáinte ag Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann, a cheapann nach bhfuil dóthain den cháin chorparáideach á cur go leataobh ón gnáthchaiteachas.


