Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Veiniséala le 50 milliún bairille ola a sholáthar do Mheiriceá'

07 JANUARY 2026, 09:44

Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump
X Facebook

Tá sé á mhaíomh ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go gcuirfidh an rialtas eatramhach i Veiniséala suas le 50 milliún bairille ola ar fáil do na Stáit Aontaithe, go ndíolfar an ola agus gurb é féin a bheas i bhfeighil na bhfáltas.

Mhaígh Trump gur "ar phraghas an mhargaidh" a dhíolfaí an ola agus dúirt go gcinnteodh sé go rachadh na fáltais chun sochair do mhuintir Veiniséala agus do mhuintir na Stát Aontaithe araon.

Dúirt sé go mba é Rúnaí Fuinnimh na Stát Aontaithe Chris Wright a chuirfeadh an plean i bhfeidhm agus go ndéanfadh sé é sin "láithreach".

Níl aon dlí idirnáisiúnta tugtha mar údarás ag Trump maidir lena bhfuil ar intinn aige ach tá sé maíte aige cheana go bhfuil Veiniséala ag sárú smachtbhannaí ola atá gearrtha ag na Stáit Aontaithe ar an tír.

Tá sé tugtha le fios aige freisin go dtabharfaidh sé cead do chomhlachtaí Meiriceánacha dul go Veiniséala le bonneagar ola na tíre a fhorbairt agus brabach a bhaint as.

Tuairiscítear go bhfuil feidhmeannaigh ó chuid de na comhlachtaí sin leis an bplean a phlé le Trump sa Teach Bán in Washington amárach.

Níl aon ní ráite faoi phlean Trump fós ag Uachtarán eatramhach Veiniséala Delcy Rodriguez.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ