Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Báisteach throm, sneachta geallta sa deisceart amárach

07 JANUARY 2026, 19:16

Tiocfaidh flichshneachta agus sneachta i ndiaidh na fearthainne in áiteanna i ndeisceart na tíre amárach
X Facebook

Titfidh fearthainn throm agus sneachta sa deisceart amárach agus Stoirm Goretti ag déanamh a bealaigh trasna na tíre.

Tá foláireamh buí fógartha ag Met Éireann i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i Loch Garman agus beidh feidhm leis idir an meán lae agus 8 a chlog tráthnóna amárach.

Tiocfaidh flichshneachta agus sneachta i ndiaidh na fearthainne sna háiteanna sin, de réir na meitéareolaithe.

Iarrtar ar thiománaithe go háirithe gluaiseacht go mall agus a bheith san airdeall ar fhuarlaigh agus ar shioc.

Ní mór do thiománaithe a chur san áireamh chomh maith nach mórán a bheas le feiceáil acu i bhfad uathu idir léithe an chuisne agus ghile an tsneachta.

Beidh an teocht chomh híseal le dhá chéim faoi bhun an reophointe oíche amárach.

Tá foláireamh buí seaca fógartha freisin i sé chontae an Tuaiscirt agus beidh feidhm leis idir an meán oíche anocht agus 10 a chlog ar maidin amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ