Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Rialtas na hÉireann le vótáil in aghaidh Mercosur

08 JANUARY 2026, 10:27

Imní ar fheirmeoirí in Éirinn faoina bhfuil i ndán don earnáil mairteola má chuirtear comhaontú Mercosur i bhfeidhm
X Facebook

Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste araon go vótálfaidh Éire in aghaidh comhaontú Mercosur, an socrú nua saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus tíortha i Meiriceá Theas.

Tá ballstáit an Aontais Eorpaigh le vóta a chaitheamh ar an gcomhaontú i gcruinniú sa Bhruiséil amárach.

I ráiteas, dúirt an Tánaiste Simon Harris nach bhféadfadh an tír seo glacadh leis an gcomhaontú mar atá sé, in ainneoin na leasuithe a rinneadh air de thoradh idirbheartaíochta le gairid.

Ní leor na leasuithe sin le saoránaigh na hÉireann a shásamh, arsa an Tánaiste.

Trathnóna inné, thug an tAire Talmhaíochta Martin Heydon le fios go raibh sé ag iarraidh ar an Rialtas vótáil in aghaidh Mercosur tar éis don Taoiseach Micheál Martin a rá go mb'fhéidir go vótálfadh Éire ina fhabhar.

Tá na Teachtaí Dála Neamhspléacha ón ngrúpa réigiúnach sa Rialtas ag cur in aghaidh an chomhaontaithe freisin.

Ar dhuine acusan tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta Michael Healy-Rae agus tuigtear go ndúirt sé le comhghleacaithe leis i gcruinniú príobháideach inné go mbeadh easaontas suntasach ann dá vótálfadh an Rialtas i bhfabhar Mercosur.

Deirtear go bhfuil an Teachta Dála Michael Lowry agus an tAire Stáit Marian Harkin ar aon intinn le Michael Healy-Rae.

Tá imní ar fheirmeoirí in Éirinn agus i roinnt ballstát eile faoin gcomhaontú mar go dtabharfaidh sé cead do tháirgeoirí i Meiriceá Theas mairteoil agus éineoil a easpórtáil chun an Aontais Eorpaigh ar tharaifí laghdaithe.

Chomh maith leis an iomaíocht bhreise, táthar imníoch faoi chaighdeán na feola a sheolfar as Meiriceá Theas.

Bhí ballstáit an Aontais Eorpaigh le vóta a chaitheamh ar Mercosur an mhí seo caite ach cuireadh siar an vóta le go ndéanfaí tuilleadh margála ar roinnt de mhionsonraí an tsocraithe.

Tá uair na cinniúna tagtha, áfach, agus in ainneoin ar fhógair Rialtas na hÉireann inniu is cosúil go vótálfaidh an móramh a theastaíonn ina fhabhar sa chruinniú sa Bhruiséil amárach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ