Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Trump ag breithniú gnímh agus "500 marbh" san Iaráin

12 JANUARY 2026, 10:15

Deir grúpa cearta daoine i Meiriceá go bhfuil beagnach 500 maraithe agus breis is 10,000 gafa.
X Facebook

Deir an tUachtarán Trump go mb'fhéidir go mbeadh cruinniú ag na Stáit Aontaithe le feidhmeannaigh de chuid na hIaráine, agus deir sé go bhfuil Meiriceá i dteagmháil leis an bhfreasúra san Iaráin agus an t-achrann sa tír sin ag treisiú.

Níl gníomhartha Airm á gcur as an áireamh ag an Uachtarán a deir sé agus Meiriceá "le freagra a thabhairt" ar an bhfoiréagan atá ar siúl tuairiscítear ag údaráis na hIaráine, atá ag iarraidh guaim a chur ar agóidíocht atá ag cur an brú is mó le fada ar fhorlámhas na Cléire ó tháinig siad i gcumhacht san Réabhlóid Ioslamach i 1979 nuair a cuireadh an ruaig ar an Shah, an Rí a bhí curtha i gceannas na tíre ag Meiriceá i 1953.

"Tá muid faoi réir le ghabháil chun cogaidh, agus tá muid faoi réir le ghabháil chun cainte" arsa Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Abbas Araqchi.

Tá fainic curtha cheana ag Trump ar chinnireacht na hIaráine go n-ionsódh Meiriceá dá dtosódh fórsaí slándála na tíre ag scaoileadh le lucht na hagóide.

Iranians gather while blocking a street during a protest in Tehran, Iran

Deir Áisíneacht Nuachta na nGníomhaithe Cearta Daoine (HRANA) atá lonnaithe i Meiriceá go bhfuil sé "deimhnithe acu go bhfuil 490 lucht agóide agus 48 oifigeach slándála maraithe, agus go bhfuil 10,600 duine gafa".

Níl líon tugtha ag Rialtas na hIaráine agus ní féidir aon bhreithiúnas neamhspleách a thabhairt agus cosc den chuid is mó curtha ag an Rialtas ar an tseirbhís idirlín sa tír le 4 lá anuas.

Donald Trump speaks to reporters on Air Force one

Dúirt an tUachtarán Trump aréir go raibh an Iaráin tar éis glaoch air le clár núicléach na tíre a phlé, gréasán a dtug Meiriceá agus Iosrael ruathar aeir faoi ar feadh 12 lá mí an Mheithimh seo caite.

"Is fíor go bhfuil an Iaráin ag iarraidh a ghabháil i mbun idirbheartaíochta. B'fhéidir go gcasfadh muid leo. Tá cruinniú á shocrú againn, ach b'fhéidir go mbeadh orainn gníomhú sula mbeidh aon chruinniú ann."

Tá an Wall Street Journal ag tuairisciú go bhfuil roghanna á mbreithniú ag an Teach Bán, - an tír a ionsaí arís ón aer, tabhairt faoi cibear-chogadh, géarú ar na smachtbhannaí nó cuidiú ar-líne le grúpaí atá ag cur in aghaidh Rialtas Tehran.

iranian speaker of parliament

Tá Ceann Comhairle Pharlaimint na hIaráine, Mohammad Bagher Qalibaf, tar éis fainic a chur ar Réimeas Washington gan "botún nó míríomh a dhéanamh".

"Bímís soiléir; i gcás ionsaithe ar an Iaráin, is spriocanna dlisteanacha dúinn a bheadh sna Críocha Gafa (Iosrael) agus i mbunáiteanna Airm agus loingeas de chuid na Stát Aontaithe".

Iran-Protests

Tá daoine i mbun agóide i Tehran agus i gcathracha eile ar nós Mashhad agus Shahrud ón 28ú Nollag, san oíche den chuid is mó, agóidí tuairiscítear ar dtús faoin mboilsciú agus faoi phraghas bia agus bun-earraí eile a bheith ag ardú as cuimse, ach tá an léirsiú tar éis leithniú ó shin agus daoine anois deirtear i mbun agóide in aghaidh Réimeas na Cléire agus in aghaidh an Airm.