Tá An Post chun praghas an stampa, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, a ardú an mhí seo chugainn, ón 3ú Feabhra.
20 cent d'ardú a thiocfaidh ar an stampa náisiúnta, ag gabháil ó €1.65 go €1.85.
Tá ráta nua á chur i bhfeidhm freisin ar litir chun na hEorpa, agus an Bhreatain san áireamh, a chosnóidh 85 cent sa mbreis.
Deir An Post gur ag leanacht chlaonta go domhanda atá siad agus deir siad go bhfuil an praghas nua níos ísle ná praghas cóimheasa an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe "a ghearrann €2.04 ar litir a sheachadadh lárna mhárach".
Tá stampa nua chuig tíortha eile na cruinne á fheidhmiú freisin a chosnóidh €3.95, ardú a deir An Post chun a ghabháil i ndréim leis an 38% de laghdú ar litreacha go hidirnáisiúnta le 3 bliana anuas.
Deir An Post go gcinnteoidh na harduithe an tseirbhís, tráth a bhfuil cuideachtaí eile postais sa nEoraip ag gearradh siar ar a gcuid seirbhísí.
Deir siad gur go dtí an Bhreatain, an Fhrainc agus an Ghearmáin a théann 50% de na litreacha a sheoltar thar sáile agus gur mar gheall air sin iad a bheith ag feidhmiú an ráta nua €3.50 go dtí An Bhreatain agus An Eoraip, in áit an ráta nua €3.95 chuig An Chuid Eile den Domhan.
San Ríocht Aontaithe cosnaíonn sé €3.90 litir a sheoladh chun na hEorpa.
Ardóidh costas ar chlúdach mór litreach, ar bheartáin agus ar Phost Cláraithe chomh maith, agus ardóidh costas na stampaí nua digiteacha náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Deir An Post go gcaithfear praghasanna a ardú de bharr ardú pá na foirne, costas ardaithe oibríochta agus mar gheall go bhfuil líon na litreacha ar an bposta laghdaithe 7% le bliain anuas, agus 50% le 10 mbliana.
Deir an Stiúrthóir Bainistíochta Garrett Bridgeman nach bhfuil mórchuid tíortha san Eoraip anois ag seachadadh litreacha ach uair amháin nó faoi dhó sa tseachtain, agus gur iondúil gur i mboscaí posta os comhair tithe nó ag lár-ionaid bailiúcháin a bhítear ag seachadadh "ach tá muide meáite ar sheirbhís-lárna-mhárach a choinneáil, ag seachadadh chuig do dhoras, le foireann oilte a bhfuil muinín ag an bpobal astu, i bhfeithiclí gan-astaíochtaí".
Mhínigh Garrett Bridgeman freisin go bhfuil "gréasán costais sheasta" ag An Post, fiú agus líon na litreacha ag laghdú: "Má tá do bhean-posta nó fear-posta ag tabhairt trí litir ag do theach, nó péire, nó ceann amháin, caithfidh siad an tslí a thaisteal".
Dheimhnigh sé freisin go leanfaidh an nós go mbeidh foireann An Post ag seiceáil ar chustaiméirí, "go háirid iad siúd atá ina gcónaí astu féin i gceantair scoite amach, agus an aimsir go dona."


