Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ionsaí ar Ghardaí, sceimhle & coirloscadh admhaithe ag fear

12 JANUARY 2026, 14:25

Íomhá den ionsaí ar Shráid Chéipil mí Iúil 2025.
X Facebook

Tá fear 24 bliain d'aois tar éis pléadáil ciontach i mbeirt Ghardaí a ionsaí agus i gcúisimh sceimhle i gceartlár Átha Cliath mí Iúil seo caite, chomh maith le iarracht ar choirloscadh a dhéanamh ar theach tábhairne Chonor McGregor i Droimeanach 4 lá roimhe sin.

Phléadáil Abdullah Khan ciontach sa gCúirt Choiriúil Speisialta nuair a cuireadh 8 gcúis ina leith, 2 chúis sceimhle ina measc.

Ní féidir a sheoladh a fhoilsiú, de réir ordú cúirte.

Bhí an bheirt Ghardaí ar phatról tréanfheiceálach ar Shráid Chéipil ag a 6 a' chlog tráthnóna an 29ú Iúil anuraidh nuair a rith Abdullah Khan chomh fada leo agus d'ionsaigh sé óna gcúl iad le scian.

Bhain na Gardaí leas as treallamh cosanta agus as smachtíní le iad féin a chosaint, agus ansin cheansaigh siad an fear le sprae piobair sular ghabh siad é.

Tá Abdullah Khan tar éis admháil go raibh scian ina sheilbh, agus gur ionsaigh sé an Garda Gary Lynch agus an Garda Patrick Nevin, ionsaí ina raibh baol go ngortófaí nó go marófaí na Gardaí.

The Black Forge Inn on the Drimnagh Road
An teach tábhairne atá ag Conor McGregor

Phléadáil sé ciontach freisin i gcúis sceimhle a bhí curtha ina leith as an ionsaí.

Ina theannta sin d'admhaigh sé go ndearna sé iarracht an teach tábhairne a chur thré thine, agus gurbh é ba chiontach leis an damáiste a déanadh don Black Forge Inn, an 25ú Iúil.

Phléadáil sé ciontach chomh maith i gcúis sceimhle i leith na heachtra sin.

Sa gCúirt Speisialta tráthnóna, dheimhnigh sé a ainm agus phléadáil sé ciontach ins na 8 gcúis ina aghaidh.

Thug a abhcóide Michael Bowman le fios gur "ó theaghlach atá gníomhach san sochaí" é Abdullah Khan agus nár ciontaíodh in aon choir cheana é.

Chuir an Breitheamh Karen O'Connor siar faoi choinneáil é agus beidh pianbhreith le gearradh air mí Márta.