Chaith duine 90 bliain d'aois 45 uair an chloig i gcathaoir in ospidéal sular cuireadh leaba ar fáil dóibh, a deir Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.
Léiriú atá sa scéal, a deir an Cumann, ar an easpa acmhainne atá sna hospidéil faoi láthair le cúram mar is ceart a chur ar fáil d'othair.
De réir figiúirí atá eisithe ag an gCumann, bhí 803 othar ag fanacht le leaba a fháil in ospidéil ar fud an Stáit ar maidin inniu, ar dhaoine scothaosta go leor acu.
Is in Ospidéal Ollscoile Luimnigh ba mheasa a bhí cúrsaí, áit a raibh 127 duine ag fanacht le leaba a fháil.
63 duine agus 46 duine a bhí ag fanacht le leaba a fháil in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh agus in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath faoi seach.
Dúirt Ard-Rúnaí Chumann na nAltraí Phil Ní Sheaghdha gur mór an crá croí é othair scothaosta a bheith i gcathaoireacha agus ar thralaithe ar feadh tamaill fhada.
Easpa foirne is cúis leis an easpa cúraim agus is ionad neamhshábháilte é an t-ospidéal go minic dá thoradh sin, arsa sí.
De réir figiúirí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, is 531 othar a bhí ag fanacht le leaba a fháil sna hospidéil ar maidin inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


