Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Trump ag gealladh 'teacht i gcabhair' ar léirsitheoirí san Iaráin

13 JANUARY 2026, 18:47

Léirsiú frithrialtais i bpríomhchathair na hIaráine, Tehran, 9 Eanáir 2026
X Facebook

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ag gríosú daoine san Iaráin le leanúint leis an agóidíocht atá ar siúl sa tír sin le coicís agus é ag gealladh teacht i gcabhair orthu.

I bpostáil a d'fhoilsigh sé ar a mheán sóisialta féin, d'achainigh Trump ar "thírghráthóirí na hIaráine" leanúint orthu ag léirsiú agus "seilbh a ghabháil ar fhorais na tíre".

"Tá cabhair ag teacht", arsa sé, ach níor thug sé aon sonraí faoi sin.

Bhí sé ráite ag Trump roimhe seo go dtiocfadh ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus ón Iaráin le chéile leis an gcorraíl sa tír sin a phlé, ach sa phostáil a d'fhoilsigh sé inniu dúirt sé go raibh na cruinnithe sin curtha ar ceal aige go dtí go gcuirfí deireadh leis an "marú gan údar" san Iaráin.

Ag tagairt a bhí Trump don líon mór léirsitheoirí a maraíodh san Iaráin ón 28 Nollaig.

Níos túisce inniu, thug oifigeach san Iaráin le fios gur thart ar 2,000 duine a maraíodh i gcaitheamh na sé lá dhéag sin, idir léirsitheoirí agus chomhaltaí de na fórsaí slándála.

Tá sé á mhaíomh ag na húdaráis san Iaráin chomh maith go bhfuil na hagóidí ag dul i léig agus go bhfuil an tsíocháin i réim arís.

Tá imní léirithe ag an Rúis faoina bhfuil ar intinn ag Trump.

Dúirt urlabhraí ó Roinn Gnóthaí Eachtracha na Rúise gur lasair sa bharrach sa Mheánoirthear trí chéile a bheadh in aon ionsaí míleata a dhéanfaí ar an Iaráin agus thug le fios nach mbeadh glacadh dá laghad ag an Rúis leis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ