Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An t-amhránaí as Corcaigh Seán Ó Sé tar éis bháis

13 JANUARY 2026, 19:18

89 bliain d'aois a bhí Seán Ó Sé
X Facebook

Tá an t-amhránaí cáiliúil as Corcaigh Seán Ó Sé tar éis bháis trí lá sula mbeadh sé 90 bliain d'aois.

Bhí an-aithne ar fad ar Sheán mar gheall ar an amhrán An Poc ar Buile a thaifead sé i 1962.

Fuair sé a chuid scolaíochta i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhuirne agus cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig i mBaile Átha Cliath.

Bhí sé ina phríomhoide i gColáiste Mhuire i gCnoc na hAoine i gCorcaigh sula ndeachaigh sé ar scor.

Bhí cáil air mar amhránaí sna seascaidí le grúpa Sheáin Uí Riada – Ceoltóirí Chualann – agus thaistil sé ar fud na cruinne go minic le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus le Gael Linn.

Bronnadh Gradam Saoil TG4 ar Sheán Ó Sé in 2021.