Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear gafa faoi dhúnmharú beirte in Éadan Doire

15 JANUARY 2026, 16:51

Ionsaíodh an teach in Éadan Doire, Co Uíbh Fhailí, tráthnóna an 6 Nollaig 2025
X Facebook

Tá fear sna fichidí gafa ag na Gardaí maidir leis an ionsaí buama peitril a rinneadh ar theach cónaithe in Éadan Doire i gCo Uíbh Fhailí i dtús na míosa seo caite ar maraíodh buachaill óg agus a sheanaintín dá bharr.

Gabhadh an fear ar maidin inniu ar amhras go ndearna sé dúnmharú agus tá sé á cheistiú i stáisiún Gardaí i lár tíre.

Maraíodh Tadhg Farrell, a bhí ceithre bliana d'aois, agus a sheanaintín Mary Holt, a bhí 60 bliain d'aois, nuair a lasadh an teach i bPáirc Radharc an Chaisleáin in Éadan Doire ar an 6 Nollaig.

A composite image of Tadhg Farrell and Mary Holt
Tadhg Farrell agus Mary Holt

Gortaíodh go dona seanmháthair Thaidhg, Pauline Holt, san ionsaí.

Bhí Tadhg ar cuairt ar a sheanmhuintir ag an am.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ