Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Ní mór an dlí a chur i bhfeidhm maidir le gránnacht Grok'

14 JANUARY 2026, 11:40

'Déanfaidh an Chomhaireacht cinneadh faoi X in Éirinn gan mhoill' –Aire Stáit
X Facebook

Ba cheart cosc a chur ar an meán sóisialta X in Éirinn mura gcuirfidh an comhlacht dlí na tíre seo i bhfeidhm maidir le haip intleachta saorga de chuid an bhota comhrá Grok, a dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth.

Is le X Grok a bhfuil mí-úsáid á bhaint as ag daoine áirithe chun íomhánnna graosta a chruthú agus a fhoilsiú ar líne, íomhánna de mhí-úsáid leanaí ina measc.

Is ar Niamh Smyth atá an cúram mar Aire Stáit maidir le hIntleacht Shaorga in Éirinn.

Dúirt sí go bhfuil dlíthe sa tír seo cheana féin i dtaca le híomhánna graosta ríomhchruthaithe agus nach dteastaíonn ach a gcur i bhfeidhm.

Scríobh sí chuig Coimisinéir an Gharda Síochána faoin gceist, a dúirt sí, agus beidh cruinniú aici níos deireanaí inniu leis an Taoiseach agus leis an Ard-Aighne faoi bheart a dhéanamh.

Thug Niamh Smyth le fios gur chreid sí go ndéanfadh an Chomhaireacht cinneadh faoi X in Éirinn gan mhoill.

Tá an cheist le plé tráthnóna ag éisteacht de Choiste Meán an Oireachtais.

Beidh Gardaí sinsearacha i láthair an choiste agus i ráiteas oscailte déarfaidh siad gur sárú millteanach ar dhínit phearsanta daoine agus feall fíorghránna ar iontaoibh na sochaí atá sa drochúsáid atáthar a bhaint as Grok.

Níl aon ghlacadh leis agus ní bheidh, a déarfas siad.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ