Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Kneecap: breithiúnas maidir le hachomharc forchoimeádta

14 JANUARY 2026, 17:28

Mo Chara, Liam Óg Ó hAnnaidh
X Facebook

I gcúirt i Londain tráthnóna inniu, forchoimeádadh breithiúnas san achomharc atá seirbhís ionchúiseamh Shasana a dhéanamh in aghaidh rialú a rinneadh anuraidh an cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh – ball den ghrúpa rapcheoil Kneecap as Béal Feirste – an cás sin a chaitheamh amach.

Cúisithe a bhí Liam Óg Ó hAnnaidh i mbratach a bhain leis an eagraíocht Hezbollah a nochtadh ag ceolchoirm de chuid Kneecap san O2 Forum in Kentish Town i dtuaisceart Londan ar an 21 Samhain 2024 agus sa mhana "Hamas Abú! Hezbollah Abú!" a fhógairt.

I mí Mheán Fómhair anuraidh, mar a bhí iarrtha ag dlíodóirí Liam Óig Uí Annaidh, a dtugtar Mo Chara mar ainm stáitse air, d'ordaigh an Breitheamh Paul Goldspring an cás a chaitheamh amach ar an mbonn go ndearnadh earráid theicniúil sa phróiseas dlíthiúil.

Chuir an breitheamh an cás ar neamhní, a dúirt sé, de bharr nach raibh cead tugtha ag Ard-Aighne Shasana an cás a thabhairt nuair a chuir na póilíní in iúl do Liam Óg Ó hAnnaidh ar an 21 Bealtaine 2025 go rabhthas leis an dlí a chur air.

Sháraigh na húdaráis reacht na dtréimhsí sa mhéid sin, a dúirt an breitheamh.

Sa chúirt inniu, áfach, mhaígh abhcóide an ionchúsimh nár bhain sin le hábhar a fhad is bhí gach rud in ordú agus in eagar faoin am a tháinig an cúisí os comhair cúirte a chéaduair.

Thug an t-abhcóide cásanna eile a bhí ann cheana mar údarás le tacú lena áiteamh.

Os a choinne sin, dúirt abhcóide Uí Annaidh go raibh an ceart ar fad ag an mBreitheamh Goldspring, de réir dlí, an cás a chaitheamh amach.

Duine den bheirt bhreithiúna a d'éist an cás inniu, an Tiarna-Bhreitheamh Edis, dúirt sé go raibh an breithiúnas á fhorchoimeád acu mar go raibh a lán ábhar machnaimh sa mhéid a chuala siad ón dá thaobh.

Thug sé le fios go bhfoilseoidís a mbreithiúnas go digiteach agus dúirt gur dhóichí nár ghá d'aon duine teacht i láthair na cúirte an athuair mar gur breithiúnas an-soiléir a bheadh ann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ