Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

€13 milliún i liúntais le cailleadh ag saighdiúirí na hÉireann

14 JANUARY 2026, 17:36

Saighdiúirí na hÉireann sa Liobáin
X Facebook

Ar chlár cúrsaí reatha TG4 7LÁ, léiríonn figiúirí nua a fuarthas ón Roinn Cosanta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise gur íocadh €65.6 milliún i liúntais saor ó cháin le coimeádaithe síochána na hÉireann atá ar seirbhís le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) le cúig bliana anuas.

Bhí dhá mhisean in 2025 ina raibh 360 coimeádaí síochána Éireannacha ar seirbhís le UNIFIL, bliain inar íocadh €13.7 milliún i liúntais.

Ar an iomlán, íocadh €13.1 milliún ar an meán in aghaidh na bliana i Liúntais Tacaíochta Síochána agus i Liúntais Tacaíochta Síochána Armtha le hoifigigh agus le pearsanra a bhí liostáilte sa Liobáin idir 2021 agus 2025.

Liúntais íoctha (2021–2025)

Bliain Phárolla

2021

2022

2023

2024

2025

(€)

13,001,224

13,952,049

12,140,033

12,800,621

13,722,643

I ráiteas do 7LÁ ar TG4, dúirt PDFORRA (an comhlacht atá ionadaíoch ar phearsanra liostáilte atá ar seirbhís in Óglaigh na hÉireann):

"Is cuid thábhachtach d'ioncam chomhaltaí Óglaigh na hÉireann agus a dteaghlaigh iad na Liúntais Tacaíochta don Lucht Síochána Armtha. Agus iad ar seirbhís thar lear bíonn deis ag pearsanra an oiliúint atá faighte acu a úsáid i dtimpeallacht oibríochtúil, a scileanna a chur chun fiúntais agus a muinín a fhorbairt.

"Ina theannta sin, cuireann seirbhís thar lear go mór leis na critéir mheasúnaithe le haghaidh ardú céime. Má chailleann siad amach ar an deis seo d'fhéadfadh droch-thionchar a bheith aige ar ghrúpa nua le hais mar a bheadh ar phearsanra le níos mó taithí. "D'fhéadfadh na gnéithe seo ar fad droch-thionchar a imirt ar ár gcumas pearsanra a choinneáil agus a earcú agus níos mó éilimh ag teacht i rith an ama ar shlándáil idirnáisiúnta."- Gerard Guinan, Ard-Rúnaí PDFORRA.

Saighdiuiri2
Campa na Seamróige i ndeisceart na Liobáine

Is é an misean síochánaíochta sa Liobáin an t-imlonnú is mó a bhí ag Éirinn go dtí seo agus seirbhís déanta ag 30,000 saighdiúir Éireannach le UNIFIL ó 1978 i leith. Tá sé beartaithe ag na Náisiúin Aontaithe deireadh a chur lena n-oibríochtaí i nDeisceart na Liobáine an 31 Nollaig 2026.

Le brú ag teacht ó na Stáit Aontaithe agus ó Iosrael, vótáil Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i mí Lúnasa 2025 deireadh a chur le hoibríochtaí UNIFIL. Nuair a thiocfaidh deireadh le hoibríochtaí UNIFIL sa Liobáin, ní bheidh ach dornán beag de mhisin bheaga thar lear ar fáil do shaighdiúirí de chuid na hÉireann.

Tá Éire ar cheann de 48 dtír a chuireann pearsanra ar fáil do mhisean síochánaíochta UNIFIL sa Liobáin. Íocann na Náisiúin Aontaithe ráta comhréidh €1,262 le tíortha as gach ball d'aonad míleata a bhíonn curtha ar mhisean de chuid na Náisiún Aontaithe thar lear, in éineacht le cuid mhaith de na liúntais a bhíonn ar fáil do na coimeádaithe síochána.

Mar fhreagra ar 7LÁ ar TG4, dúirt an Roinn Cosanta:

"Cé gur gné thábhachtach atá sa tseirbhís thar lear mar a bhaineann le daoine a mhealladh i dtreo oibriú in Óglaigh na hÉireann, tá gnéithe eile i gceist freisin. Chomh maith lena ról idirnáisiúnta, comhlíonann Óglaigh na hÉireann feidhmeanna ríthábhachtacha sa tír seo freisin. "Déanfar aon choigilteas a bheidh ann de bharr na misean thar lear a bheith laghdaithe a athdháileadh chun tosaíochtaí Cosanta eile a chomhlíonadh. Déanfaidh an Rialtas imlonnaithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn a mheas de réir an cháis."

Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach Micheál Martin go bhféadfadh imlonnú san Úcráin a bheith san áireamh do choimeádaithe síochána na hÉireann amach anseo, ag brath ar a dtitfidh amach.

Saighdiuiri3
An Tánaiste Simon Harris ag déanamh cigireacht ar shaighdiúirí

Ina fhreagra do 7LÁ/TG4, dúirt RACO, Cumann Ionadaíoch na nOifigeach Coimisiúnaithe:

"Tá Óglaigh na hÉireann ar seirbhís ar mhisin síochánaíochta ó 1958 i leith, sin beagnach 70 bliain, agus is curiarracht é seo a bhfuil sé de cheart againn a bheith bródúil as. Tugann an tseirbhís thar lear taithí oibríochtúil atá ríthábhachtach do shaighdiúirí i dtimpeallacht ilnáisiúnta agus tá sé tábhachtach don fhorbairt ghairmiúil.

Is cúis díomá é go bhfuil misean UNIFIL ag teacht chun críche agus tá súil againn go mbeidh misean nua faighte gan mhoill a mbeidh Óglaigh na hÉireann páirteach ann".- An Leifteanant-Choirnéal Conor King, Ard-Rúnaí RACCO.

I ráiteas a thug sí do 7LÁ ar TG4, dúirt an tUachtarán Catherine Connolly:

"Tá mór-bhuíochas na hÉireann tuillte ag gach fear agus bean Éireannach de chuid na bhFórsaí Cosanta, a chaith an clogad gorm sa Liobáin, atá fós ag freastal agus iadsan atá anois ar scor, agus ag a gclanna uilig a bhí agus atá fós faoi ualach imní anseo sa mbaile.

Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt le mórmheas do choimeádaithe síochána as chuile náisiún a bhí ag obair i gcomhair le hÓglaigh na hÉireann i UNIFIL, agus iad i bpáirtíocht dualgais le chéile agus ag comhoibriú le dóchas roinnte ar son na síochána.

Tá Éirinn bródúil gurbh í an t-aon tír atá gníomhach ó 1958 i leith ar oibríochtaí síochánaíochta de chuid nó faoi shainordú na Náisiún Aontaithe. Ba mhaith liomsa, mar Uachtarán, aitheantas a thabhairt don méid a rinne gach Coimeádaí Síochána: iad gairmiúil agus proifisiúnta ach le croí na daonnachta go smior iontu agus seasmhacht á soláthar do phobail a mhair ró-fhada le héiginnteacht.

Ní acrainm coimhthíoch atá i gceist le UNFIL in Éirinn. Is caibidil bheo dár scéal náisiúnta é, scríofa ag na glúnta de Choimeádaithe Síochána a shaothraigh i nDeisceart na Liobáine le crógacht, le féinsmacht agus le tiomantas daingean do na Náisiúin Aontaithe.

Tá níos mó ná 30,000 ball de chuid Óglaigh na hÉireann tar éis freastal go cumasach sa Liobáin ó 1978 i leith. Tá an t-uafás i gceist leis an tseirbhís sin: an creideamh seasmhach atá in Éirinn go bhfuil dualgas ar chuile thír, beag nó mór, cosaint a dhéanamh nuair atá an dlí idirnáisiúnta á sárú, agus gur cleachtas agus ní smaoineamh atá i gceist le hiltaobhachas.

Is mian liomsa aitheantas ar leith a thabhairt don 47 ball a cailleadh sa Liobáin agus iad i mbun choimeád na síochána. Is gníomh crógachta agus coinsiasa a bhí sa tseirbhís a thug siad ar son na síochána. Ní ligfear iadsan nó a n-íobairt i ndearmad anseo in Éirinn.

Tá muid ag smaoineamh ar a gclanna go speisialta inniu agus i gcónaí. Caithfidh muid athnuachan a dhéanamh anois, níos mó na riamh, ar ár dtiomantas do na Náisiúin Aontaithe, agus na struchtúr atá acu chun dul i ngleic le coimhlint."