Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Garda ciontach i dtiomáint chontúirteach arbh é bás fir a thoradh

14 JANUARY 2026, 14:26

Lá Fhéile Pádraig 2024 a tharla an tubaiste
X Facebook

I gCúirt Dúiche Dhún Dealgan i gCo Lú, phléadáil comhalta den Gharda Síochána ciontach i dtiomáint chontúirteach arbh é bás fir 42 bliain d'aois a thoradh agus i dteitheadh ó láthair na tubaiste i nDroichead Átha sa chontae céanna beagnach dhá bhliain ó shin.

Sin é an Garda Michael Ball arbh é a thiomáint chontúirteach ba shiocair le bás Niall McEneaney, iariománaí contae agus cóitseálaí le CLG Lú.

Bhí Michael Ball bunaithe i Stáisiún Gardaí Dhún Dealgan nuair a bhuail a ghluaisteán Niall McEneaney ar Bhóthar Ráth Maoláin i nDroichead Átha ar an 17 Márta 2024.

Tar éis don Gharda Ball pléadáil ciontach cuireadh an cás ar aghaidh chuig Cúirt Chuarda Dhún Dealgan, áit a n-éistfear é Dé Luain seo chugainn.

Ceadaíodh bannaí do Michael Ball idir dhá linn agus ceadaíodh saorchúnamh dlí dó chomh maith.

Bhí teaghlach Niall McEneaney sa chúirt inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ