Sa Phríomh Chúirt Choiriúil, gearradh príosún saoil ar bhean a dhúnmharaigh mac óg a leannáin i gcathair Luimnigh in 2021.
Sin í Tegan McGhee, 32 bliain d'aois, a phéadáil neamhchiontach i dtosach i ndúnmharú Mason O'Connell Conway a bhí ceithre bliana d'aois.
Phléadáil sí ciontach, más ea, nuair a cuireadh fianaise leighis os comhair na cúirte le linn na trialach i mí na Samhna seo caite.
Dúradh sa triail gur tugadh drochíde go rialta do Mason agus gur coinníodh é ó shúile an phobail.
Tugadh Mason chun an ospidéil, áit ar mhaígh a athair John Paul O'Connell gur thit an buachaillín anuas de leaba.
Fuair Mason bás san ospidéal i mí an Mhárta 2021 de bharr na ngortuithe a bhain dó.
Gearradh seacht mbliana príosúin ar an athair roimhe seo faoi chabhair a thabhairt do chiontóir agus faoi leanbh a chur i mbaol.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


