Tá sé fógartha ag an meán sóisialta X nach bhfuiltear in ann níos mó, i dtíortha áirithe, feidhm a bhaint as an aip intleachta saorga de chuid an bhota comhrá Grok chun íomhánna graosta a chruthú de dhaoine agus a gcuid éadaigh bainte díobh.
Tíortha ina bhfuil a léithéid mídhleathach amháin atá i gceist, lena n-áirítear Éire, ach beidh cead a gcinn i gcónaí ag daoine íomhánna mar iad a chruthú i dtíortha nach bhfuil aon dlí ábhartha iontu.
An tsaoráid chun íomhánna graosta de dhaoine a ríomhchruthú, leanaí ina measc, tá sé tar éis an-mhúisiam ar fad, cad eile, a chur ar dhaoine ar fud an domhain, daoine sa tír seo san áireamh.
Go deimhin, dhearbhaigh na Gardaí inné go bhfuil 200 fiosrúchán ar bun acu faoi íomhánna ríomhchruthaithe de mhí-úsáid leanaí.
Is ar an Aire Stáit Niamh Smyth atá an cúram oifigiúil maidir le gnóthaí intleachta saorga in Éirinn agus phléigh sí féin agus an Taoiseach Micheál Martin an cheist inné.
Cás é a bhfuil cruóg leis, dar ndóigh, agus tá an Chomhaireacht lena chriathrú an tseachtain seo chugainn le dúil beart a dhéanamh faoi.
Chomh maith lena bhfuil de ghránnacht ann cheana, is mór an dúshlán é ag polaiteoirí agus rialálaithe teacht roimh an gcéad rud gránna eile ó tá sé de dhlúth agus d'inneach san intleacht shaorga scód a ligean leis an ainriantacht, más ceadmhach dó.
Is le X Grok agus inné mhaígh príomhfheidhmeannach X Elon Musk "nárbh fheasach dó aon íomhánna de leanaí nochta a bhí cruthaithe ag Grok, oiread agus aon cheann amháin".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


